Cré alcaileach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cré alcaileach

Le bheith beacht, na dúile cailciam, strointiam, bairiam is raidiam, ach go minic cuirtear beirilliam is maignéisiam san áireamh freisin. Grúpa II i gclár peiriadach na ndúl. Déanann gach dúil díobh seo comhdhúile ina mbíonn sí ina caitian déluchtaithe. Is iad atá freagrach den chuid is mó as cruas uisce.