Crá (scéinséir TG4)
CRÁ | |
---|---|
Séanra | coirdhrámaíocht |
Tír | Éire |
Bunteanga | an Ghaeilge |
Bealach teilifíse | TG4 |
An chéad eipeasóid | 11 Samhain 2024 |
Líon eipeasóidí | 6 |
Tuilleadh eolais | |
Sraith teilifíse Ghaeilge a bhaineann le fiosrúchán dúnmharaithe é Crá a craoladh ar TG4 ón Luan 11 Samhain 2024. Tháinig Crá i gcomharbacht ar shaothair amhail Doineann (2021), Corp + Anam (2011-2014) agus An Bronntanas (2014),[1]
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin (Dónall Ó Héalaí agus éiríonn le Ó Héalaí canúint Uladh a thabhairt leis go paiteanta). Tá cosc iomlán ar Chonall páirt a ghlacadh san fhiosrúchán ach níl baol air fanacht glan ar an gcás.
Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate (Hannah Brady), podchraoladh faoin gcás a thosú agus tugann Conall faoi deara go bhfuil Ciara-Kate in ann eolas a fháil ó dhaoine nach bhfuil sásta labhairt leis na Gardaí.
Más mian le Conall an chóir a éileamh beidh air dul i mbun oibre leis an iriseoir seo. Ní fada go bhfaightear amach go bhfuil aistear gruama i ndán don bheirt acu.[2]
Léiriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Fíbín Films taobh thiar den tsraith choiriúlachta Crá.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Breandán M Mac Gearailt (14 Samhain 2024). "Ó Héalaí a dhéanann saothar stuifiúil de dhráma nua TG4" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-16.
- ↑ tg4.ie. "Filí agus Ceannródaithe, Ceol agus Dúnmharuithe, Stíl agus Inbhuanaitheacht i measc na dtéamaí i Sceideal Fómhair TG4 2024 | Preas Ráiteas" (ga-IE). TG4. Dáta rochtana: 2024-11-16.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (13 Samhain 2024). "Deireadh á chur leis an gcomhlacht amharclannaíochta Fíbín" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-13.