An Bronntanas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinAn Bronntanas
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascéinséir Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt2792326 Cuir in eagar ar Wikidata

Is scéinséir comhaimseartha é An Bronntanas. Craoladh an dráma ar TG4 don chéad uair ar 23 Deireadh Fómhair 2014.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sraith-dhráma Gaeilge, 5 pháirt, suite i gConamara ina bhfuil an mhaith agus an t-olc fite fuaite ina chéile agus i saol na ndaoine atá ag streachailt le roghanna casta in am an ghátair.

Eipeasóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eipeasóid 1[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filleann JJ Magill ar Éirinn. Tá monarcha a mhuintire beagnach briste. Agus iad i mbun tarrthála, i ngan fhios do JJ, tagann an chuid eile den chriú, Jakub agus deartháir le JJ, Macdara, ar bhean maraithe ar bhád (An Bronntanas). Féachann siad leis an mbean a shábháil ach aimsíonn siad ní eile sa mbád. Ní a athróidh an saol go deo orthu.

Eipeasóid 2[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baintear siar as JJ agus as an mbeirt eile é nuair a thagann an Cigire Fiachra Greene, mac leis an Sáirsint áitiúil, Seán Óg, le dúnmharú na mná a fhiosrú. Ní raibh aon súil ag JJ lena sheanchara a fheiceáil go háirithe agus é i gceannas ar an scuad dúnmharaithe. Ach níos measa ná sin arís, tuigeann JJ anois nach féidir leis aon mhisneach a bheith aige as a dheartháir ná as Jakub.

Eipeasóid 3[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní gnáthchigire é an Cigire Greene. Feiceann sé íomhánna osréalacha sa mharbhlann. An bhfuil níos mó ar eolas aige ná atá sé ag ligean air féin? Idir an dá linn, tagann beirt bhithiúnach sa tóir ar a lastas. Ionsaíonn siad máthair JJ agus fuadaíonn siad Macdara lena fháil amach cá bhfuil sé.

Eipeasóid 4[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuigeann Fiachra go bhfaighidh an fhoireann dhlí-eolaíoch amach an rún atá aige. Níl foighne ar bith anois aige. Tá amhras mór ar Sheán Óg faoin méid atá ag tarlú ar an mbaile. Nuair a lastar An Bronntanas, caithfidh Seán Óg a shocrú an bhfuil sé ag dul coinneáil an dlí nó nach bhfuil.

Eipeasóid 5[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filleann Jakub ar an bPolainn agus tá Macdara san aonad dian-chúraim. Déanann JJ margadh le Fiachra, le súil é a cheansú. Tuigeann Seán Óg go bhfuil coir thromchúiseach déanta ag a mhac. Barr fuilteach toradh an scéil.

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Carachtair Aisteoir Notáí
Anna Terescova Eimear O'Grady
Róisin Michelle Beamish Ag obair sa bheár áitiúil, bhí gaol idir í féin agus JJ Magill. Príomh Bhean Stiúrach an bháid tarrthála, déanann sí gach éinne timpeall uirthi a chosaint.
Carmel "Ma" Magill Charlotte Bradley Phós sí Magill le teann grá sna 1960idí, tá dúshlán roimpi ó fuair sé bás is í ag iarraidh a mhonarcha a choinneáil ar oscailt.
Macdara Magill Pól Ó Gríofa Deartháir JJ, ag obair go páirtaimseartha i monarcha, mairnéalach maith, leadaí. Leanann trioblóid i gcónaí é.
JJ Magill Dara Devaney An duine is óige de bheirt dheartháireacha, buachaillín bán, bas mhonarchan éisc agus fear a bhfuil cinneadh an-mhór le déanamh aige.
Seán Óg Greene John Finn Sáirsint a fuair a chuid traenáíl leis an NYPD, athair an Bhleachtaire Fiachra Greene. Tá cion aige ar mháthair JJ, Carmel Magill.
Fiachra Greene Owen McDonnell Mac le Seán Óg agus dlúthchara JJ Magill. Ceann de na bleachtairí is óige sna Gardaí, is mian leis a bheith níos fearr mar Gharda ná a Athair.
Jakub Soja Janusz Sheagall Oibrí i monarcha éisc & meicneoir ón bPolainn, ag cónaí i bpáirc charbhán ar imeall an bhaile.
Tone Mhóir Conall Ó Céidigh
Pat Mike P Ó Conaola
Tom Thumb Dean Whatton
An tAthair Jimmy Peadar Ó Treasaigh
Áine Siobhán Ó'Kelly
Jan Jaroslaw Kopaczewski
An Paiteolaí Tara Breathnach
Oifigeach Dlí-Eolaíoch Peadar Cox
Paddy Wack Denis O'Connor
Jack Ciarán Charles Ó Conghaile
Sorcha Máirín Ní Ghaora
Máire Máire Ní Mháille
Brian O'Reilly Marcus Seoighe
Thornton Barry Keane
Mary Treasa Ní Cheannabháin

Áiteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • B&B Mháire
  • Monorca
  • Óspidéal
  • Reilig
  • Teach Magill
  • Teach tábhairne
  • Trá

Rátálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimhir Eipeasóid Dáta craolta Lucht féachana
1 Eipeasóid 1 23 Deireadh Fómhair, 2014
2 Eipeasóid 2 30 Deireadh Fómhair, 2014 34,900
3 Eipeasóid 3 6 Samhain, 2014
4 Eipeasóid 4 13 Samhain, 2014
5 Eipeasóid 5 20 Samhain, 2014

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]