Corraíl (réalteolaíocht)
Appearance
Sa réalteolaíocht, aon chlaonadh beag i ngluaisne cothromaíochta rinn spéire mar thoradh ar réimse imtharraingthe ag feidhmiú air. Má bhíonn dhá rinn i gcomhfhithis timpeall a chéile, beidh fithis fhoirfe éilipseach acu. Má tharlaíonn aon chlaonadh ón rian éilipseach, ciallaíonn sé sin go bhfuil réad(a) eile i gceist freisin. Díreach tar éis do na réalteolaithe claonadh a bhrath i bhfithis Úránais, fionnadh Neiptiún i 1846.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Corraíl". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 174.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |