Bhí trí thír san iomaíocht chun Corn an Domhain sa Rugbaí 2011 a reáchtáil: An tSeapáin, An Nua-Shéalainn agus An Afraic Theas. Ag cruinniú den International Rugby Board (IRB) ar an 17 Samhain 2005 i mBaile Átha Cliath, roghnaíodh an Nua-Shéalainn mar eagraitheoir.
Imríodh cluichí Chorn an Domhain in dhá staid déag in aon chathair dhéag. Bhí an cluiche tosaigh agus an cluiche ceannais ar siúl in Eden Park, Auckland
Bhí 20 tír cáiliithe don chorn domhanda. Bhí áit ag an Nua-Shéalainn go huathoibríoch mar thír óstach. Ansin bhí áit ag na trí thír is fearr ó bhabhta na ngrúpaí ag Corn Rugbaí an Domhain 2007 go huathoibríoch freisin. Líonadh an ocht áit eile ó chomórtais mhór-roinne agus cluiche cáilithe idir-mhór-roinne.
(U) = Áit Uathoibríoch, (M) = Comórtas Cáiliúcháin Mór-roinne, (C) = ó chluiche cáilithe idir-mhór-roinne
Roinneadh na fiche tír i gceithre ghrúpa de chúig thír. D'imir gach tír in aghaidh gach tír eile uair amháin.
Chuaigh buaiteoirí na ngrúpaí agus na foirne a bhí sa dara háit ar aghaidh chuig na babhtaí ceathrú ceannais. Fuair na chéad trí fhoireann sa ghrúpa áit uathoibríoch ag an gcéad Chorn Domhanda eile.