Córas comhordanáide geografaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil a thaispeánann na domhanleithidí (go cothrománach) agus na domhanfhaidí (go hingearach), teilgean Eckert VI

'Séard is córas comhordanáide geografaí ann ná córas comhordanáideach a chuireann ar chumas gach suíomh ar an Domhan a shonrú le sraith uimhreacha. Is minic a roghnaíotar na comhordanáidí i dtreo is go seasann uimhir amháin i gcomhair suímh cheartingearaigh agus dhá nó trí uimhir i gcomhair suímh chothrománaigh. Is iad na comhordanáidí is coitianta a roghnaítear ná domhanleithead, domhanfhad agus airde éileapsóideach.

Is é domhanleithead pointe ar dhromchla an Domhain ná a dhíláithriú uilleach, ó thuaidh nó ó dheas, ón méanchiorcal (ag domhanleithead 0°). Tá na Moil ag domhanleithead 90°. Is ciorcail chomhthreomhara iad na línte domhanleithid, atá comhthreomhar leis an meánchiorcal. De bhrí nach sféar foirfe an Domhan, ní hionann fad céime gar don mheánchiorcal (110.6 km), gar do 45° (111.1 km), ná gar do Mhol (111.7 km). Chomh maith leis an meanchiorcal, is suntasach na línte seo domhanleitheid freisin: Trópaic an Phortáin (23.5° ó thuaidh), Trópaic an Ghabhair (23.5° ó dheas), an Ciorcal Artach (66.5° ó thuaidh), agus an Ciorcal Antartach (66.5° ó dheas). Is línte domhanfhaid na ciorcail mhóra ag rith ó thuaidh is ó dheas agus trí na Moil. Tomhaistear an domhanleithead mar dhíláithriú uilleach ó fhadlíne Greenwich a ghlactar mar dhomhanfhad 0°, agus is féidir luachanna 0-180°, siar nó aniar, a bheith aige. Gar don mheánchiorcal (1° domhanleithid) bíonn fad 113.5 km ag 1° domhanfhaid, 49 km gar do 45° domhanleithid, agus 0 km gar do Mhol ag 90° domhanleithid.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Domhanleithead agus domhanfhad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 220.