Jump to content

Conor McGinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConor McGinn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Iúil 1984
41 bliana d'aois
Camloch (an Ríocht Aontaithe)
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Nollaig 2022 – 30 Bealtaine 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: St Helens Thuaidh
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Nollaig 2019 – 7 Nollaig 2022 (suspension from a political party (en) Aistrigh)

Toghcheantar: St Helens Thuaidh

Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: an Ríocht Aontaithe

24 Samhain 2017 
Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Meitheamh 2017 – 6 Samhain 2019 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: St Helens Thuaidh

Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Bealtaine 2015 – 3 Bealtaine 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: St Helens Thuaidh

Scáth-Aire Slándála
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síLondon Metropolitan University Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla


Facebook: ConorMcGinnMP X: ConorMcGinn Cuir in eagar ar Wikidata

Is iarpholaiteoir é Conor Patrick McGinn, a rugadh ar an 31 Iúil 1984. B'eisean an Teachta Parlaiminte do Saint Helen's North ó 2015 go 2024. Ba bhall de chuid Pháirtí an Lucht Oibre é go dtí 2023 nuair a chuireadh ar fionraí ón pháirtí é i ndiaidh gearáin neamhshonraithe. Ní raibh McGinn san iomaíocht san Olltoghchán 2024. I mí Eanáir 2026, fógraíodh é gur cúisíodh é as ionsaí gnéasach [1]

Óige agus oideachas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i gCamloch, Contae Ard Mhacha é agus tógadh sa Sruthán é. Oifigeach cléireachais de chuid NHS a bhí ina mháthair agus comhairleoir de chuid Shinn Féin ar Chomhairle an Iúir agus Mhúrn a bhí ina athair.

Chuaigh sé ar Ardscoil Naomh Pól, An Sruthán. Sula ndeachaigh sé go hollscoil, d'oibrigh sé don Chomhdháil Náisiúnta Afracach, san Afraic Theas, ar chomhaltacht ar feadh dhá mhí. Rinne sé staidéar ar Goldsmiths, Ollscoil Londan ach níor chríochnaigh sé a chéim. D'fhan sé i Londain agus d'oibrigh sé le carthanas meabhairshláinte d'inimircigh Éireannacha. Níos déanaí, chríochnaigh sé a chéim ar stair, polaitíocht agus an Léann Éireannach go páirtaimseartha i London Metropolitan University.

Gairm polaitíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí na Bealtaine 2015, toghadh McGinn den chéad uair ina theachta parlaiminte do Saint Helen's North. Fuair sé 57% den vóta le tromlach 17,291 aige.

I mí Iúil 2016, bhí sé argóint ar Twitter le Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Jeremy Corbyn. Dúirt McGinn go ndúirt Corbyn "glaofaidh sé ar m'athair" brú a chur ar McGinn. Shéan urlabhraí Corbyn seo.

Atoghadh McGinn sna Olltoghcháin tobann i 2017. Fuair sé 63.7% den vóta le tromlach 18,406 aige.

Atoghadh é sna Olltoghchán 2019. Fuair sé 52.3% den vóta le tromlach 12,209 aige. [2]

I mí na Nollag 2022, cuireadh McGinn ar fionraí ón Pháirtí an Lucht Oibre i ndiaidh gearáin neamhshonraithe [3]. I mí Dheireadh Fómhair 2023, d'fhag sé an páirtí éirí as an phróiseas. Dúirt sé nach ndearna sé aon rud contráilte agus go raibh an fiosrúchán lochtach agus claonta.

Ar 5 Bealtaine 2023, d'fhógair McGinn nach seasfadh sé san Olltoghchán 2024.

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós sé le Kate Groucutt thart ar 2009 agus tá beirt pháistí acu. Is Caitliceach é. Is saoránach Éireannach agus Briotanach é.

Ar 27 Eanáir 2026, fógraíodh é gur cúisíodh é as ionsaí gnéasach

  1. "Former St Helens MP Conor McGinn charged with sexual assaulting woman" (en-GB). BBC News (2026-01-27). Dáta rochtana: 2026-01-28.
  2. "St Helens North parliamentary constituency - Election 2019 - BBC News" (en-GB). Dáta rochtana: 2026-01-28.
  3. "Labour MP suspended from party pending investigation" (en-GB). BBC News (2022-12-07). Dáta rochtana: 2026-01-28.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Próifíl ar Pharlaimint na Ríochta Aontaithe