Conchúr mac Diarmada
Teaghlach | |
---|---|
Páiste | Tomaltach na Carraige Mac Diarmada |
Athair | Diarmaid mac Taidhg Mhóir |
Naoú rí Mhagh Loirg ba ea Conchúr mac Diarmada. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 1187 go dtí 1196.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feictear Conchúr sna hannála don bhliain a rinneadh rí de. Bhuail tintreach Carraig Loch Cé agus loisceadh í agus bádh Duibheasa bean Chonchúir sa chlampar.[1][2]
Cuireann an iontráil seo in iúl go raibh an rítheaghlach ina chónaí chéanna féin ar an gCarraig i Loch Cé.
Rinneadh rí de Chonchúr an bhliain tar éis bhás Muirghis. Ní fheictear arís é 1196, nuair a thug sé suas a choróin chun dul in ord i Mainistir na Búille. Tháinig Tomaltach na Carraige i gcomharbas air.[3]
Tuairiscítear a bhás ina thásc don bhliain dár gcionn, 1197.[4][5]
Ainm athartha nó sloinne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar shloinne, bheadh Uí Mhaol Rúnaí, as a athair, Diarmaid mac Taidhg Mhóir Ó Maol Ruanaidh aige. Ainm athartha ba ea mac Diarmada ag an am. Sa chéad ghlúin eile, d'éirigh Mac Diarmada ina shloinne nua.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dermot MacDermot (1996), "Mac Dermot of Moylurg: The Story of a Connacht Family".
- [http://www.macdermot.com/
The MacDermot Clan Association] Curtha i gcartlann 2017-10-09 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1187.4
- ↑ Annála Loch Cé, ALC 1187.3
- ↑ ACM 1196.6
- ↑ ACM 1197.6
- ↑ ALC 1197.4
Réamhtheachtaí Muirgheas mac Taidhg Mhóir |
rí Magh Loirg 1187 - 1196 |
Comharba Tomaltach na Carraige Mac Diarmada |