Tomaltach na Carraige Mac Diarmada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomaltach na Carraige Mac Diarmada
Beathaisnéis
Bás1207
Teaghlach
PáisteCormac Mac Diarmada Cuir in eagar ar Wikidata
AthairConchúr mac Diarmada

Rí Mhagh Loirg ba ea Tomaltach na Carraige Mac Diarmada (Meán-Ghaeilge Tomaltach na Cairge Mac Diarmata). Bhí sé i gcoróin ón mbliain 1197 go dtí 1207.[1][2]

Mhic Dhonnachadha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sinsear chlann Mhic Dhonnchadh, ba ea Donnchadh mac Tomaltaigh. D'éirigh an chlann ina ríthe nó tiarnaí Tír Oirill, Contae Shligigh. Ba é Tomaltach Mac Donnchadh, garmhac Dhonnchadha féin, beo sa bhliain 1315, an chéad a fheictear sna hannála leis an sloinne.[3]

Lua annál[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear an iontráil a leanas sna hannála maidir le clann Mhic Dhiarmada agus a ngaoil, Uí Maolruanaí:[4]

Crech mor la Cathal Carrach mac Diarmata mic Taidhg, ar Chorbmac mac Tomaltaigh Mic Diarmata, & ar Ua f-Floinn Eassa, co ruccsat drem do Connachtaibh fair, .i. Diarmait mac Maghnusa mic Muircertaigh Uí Choncobhair, & Corbmac mac Tomaltaigh, Concobhar God O h-Eghra tigherna Luighne, & Donnchadh Ua Dubhda tighearna Ua n-Amhalgadha, & Ua f-Fiachrach go ro chuirsiot cliathaidh go ro muidh for Cathal Charrach, & go ro gabhadh é fein, & go ro dalladh, & ro marbhadh Muirghes a mhac, & Mac Chonghránna Uí Fhlannaccáin co sochaidhibh ele.
Creach mhór le Cathal Carrach mac Diarmada mhic Taidhg, ar Chormac mac Tomaltaigh agus ar Ó Floinn Easa, ach rugadh é ag dream na gConnacht, .i. Diarmaid mac Maghnusa mhic Muircheartaigh Uí Chonchúir agus Cormac mac Tomaltaigh, Conchúr God Ó hEaghra tiarna Luíne agus Donnchadh Ua Dubhda, tiarna Uí Amhalaí agus Uí Fhiachrach, agus tharla cath inar cloíodh Cathal Carrach, agus gabhadh é agus dalladh é agus maraíodh a mhac, Muirgheas, agus mac Chonghránna Uí Fhlannagáin, agus sochaí eile.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1206.6, [bliain sic]
  2. Annála Loch Cé, ALC 1207.1
  3. ALC 1315.11
  4. ACM 1207.9


Réamhtheachtaí
Conchúr mac Diarmada
rí Magh Loirg
1196–1207
Comharba
Cathal Carrach Mac Diarmada