Conair ghastraistéigeach
Cuid de | córas díleáite |
---|---|
Aitheantóirí | |
MeSH | D041981 |
Acmhainní seachtracha | |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Cuid den córas díleáite a shíneann ón bhéal go dtí an t-anas is ea an chonair ghastraistéigeach, feadán ina n-ionghabhtar bianna roimh iad a dhíleá is a ionsú agus na fuíolltáirgí a eisfhearadh. .
Struchtúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir léi a bheith simplí, le hoscailt amháin don taobh amuigh mar atá i gcéileantráití is plataiheilmintí, nó ina struchtúr casta le dhá oscailt mar atá i veirteabraigh. Sa dara cás, ionghabhtar an bia isteach sa bhéal agus eisfheartar an t-ábhar neamhchomhshamhlaithe tríd an anas. In an-chuid ainmhithe, roinntear an chonair go hanatamaíoch chun páirtscaradh (sna hinveirteabraigh cosúil le feithidí is ceifealapóid) nó scaradh iomlán (mar atá in ardveirteabraigh cosúil le mamaigh is éin) sna réigiúin a thálann einsímí difriúla is a ionsúnn táirgí difriúla díleáite.
Conair an duine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá conair an duine bainte le baill bheatha go leor ː an t-éasafagas, an goile, an stéig bheag (an dúidéineam, an t-aoineán, agus an t-iléam),[1] an stéig mhór (an caochán, an aipindic, agus an drólann ardaitheach, thrasnach, íslitheach is shiogmóideach), agus an reicteam agus anas.
Stéig bheag
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tarlaíonn an chuid is mó de dhíleá is ionsú na dtáirgí cothaithe, na vitimíní is na sreabhán (idir shreabháin ionghafa is iad sin a thál an chonair ghastraistéigeach féin) sa stéig bheag. Bíonn an stéig bheag timpeall 6 m ar fhad.
Stéig mhór
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is sa stéig mhór a íonsúitear na leictrilítí is an t-uisce as an sreabhán a thagann isteach inti, chomh maith le sintéisiú vitimín K is cuid de vitimíní B, agus déanamh an fhaecais roimh é a eisfhearadh amach as an gcolainn. Bíonn an stéig mhór timpeall 1 m.
Reicteam
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luíonn an reicteam i dteagmháil le dromchla peilbheach an tsacraim, pollann an scairt pheilbheach chun an chanáil anasach a dhéanamh, agus osclaíonn an chanáil seo ag an anas.
Fadhbanna míochaine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Buaileann fadhbanna míochaine éagsúla an stéig, ina measc coiliceam, coilítis, galar céiliach, dinnireacht, díbhéartaiclíteas, heirne, agus siondróm putóige greannaithí.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Córas díleáite
- Éasafagas agus goile
- Stéig bheag agus an stéig mhór
- Reicteam, anas agus díthaecú
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tugtar an phutóg ar an stéig freisin
- ↑ agriaware.ie. "Anatamaíocht". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Conair an bhia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 168.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |