Sacram

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is sacram[1] ann ná cnámh thriantánach ag bun an cholúin veirteabraigh a fhoirmítear tríd an 5 veirteabra sacrach a chónacsadh. Nuair a bhíonn duine ina cholgsheasamh bíonn sé beagnach cothrománach, ag altadh le dhá chnámh na gcromán chun an fáinne cnámh a dtugtar an peilbheas air a chríochnú, agus an chuid eile den cholún veirteabrach ag an 5ú veirteabra lumbach. Déanann sé ceangal le matáin an droma is na más.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): sacram” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-02.
  2. Hussey, Matt (2011). "Sacram". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 571.