Cogaíocht bhaictéareolaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foirm chogaíochta ina n-úsáidtear gníomhaithe orgánacha, baictéir is víris, chun galair mharfacha a thabhairt do naimhde. Rinneadh taighde ar an-chuid gníomhaithe mar seo, an t-antracs, an plá, an t-ispíneachas is eile. Gineadh histéire fhorleathan sna Stáit Aontaithe tar éis ionsaithe 11 Meán Fómhair 2001 go ndéanfaí ionsaithe baictéareolaíocha, rud nár tharla — ach amháin eachtra aisteach nár míníodh i gceart fós, inar ionfhabhtaíodh daoine aonaracha de bharr litreacha is pacáistí a bhí truaillithe le hantrasc a fuarthas tríd an bpost.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cogaíocht bhaictéareolaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 155.