Jump to content

Cnámhcheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"Rock on Bones", ceirníní sna 1950idí, inniu sa Gallery "Vinzavod", Moscó

Is éard is cnámhcheolRoentgenizdat ann ná ceirníní nó LPanna a seiftíodh as sean-x-ghathanna. Ghearrtaí ina gciorcal iad agus dhóití poll ina lár le toitín. Sheinntí ar chaschlár iad ansin. Ní fhéadfaí na ceirníní a sheinm ach idir 5 agus 10 n-uair.

Bhí cinsireacht dhian i bhfeidhm san Aontas Sóivéadach sna 1950idí agus ba dheacair teacht ar cheol an iarthair; snagcheol, rac-cheol, popcheol agus araile. Timpeall na bliana 1946 in Leningrad, d’fhill fear abhaile ón gcogadh agus trófaí cogaidh aige, deil taifeadta, nó gramafón droim ar ais lena mhíniú ar bhealach. Gléas a ghearr iomairí isteach sa phlaisteach. Bhí margadh dubh ceirníní a cóipeáladh sa bhaile ann an uair sin. Dhéantaí na ceirníní as sean-xghathanna.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]