Jump to content

Cnámhcheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"Rock on Bones", ceirníní sna 1950idí, inniu sa Gallery "Vinzavod", Moscó

Is éard is cnámhcheol nó Roentgenizdat ann ná ceirníní nó LPanna a seiftíodh as sean-x-ghathanna. Ghearrtaí ina gciorcal iad agus dhóití poll ina lár le toitín. Sheinntí ar chaschlár iad ansin. Ní fhéadfaí na ceirníní a sheinm ach idir 5 agus 10 n-uair.

Bhí cinsireacht dhian i bhfeidhm san Aontas Sóivéadach sna 1950idí agus ba dheacair teacht ar cheol an iarthair; snagcheol, rac-cheol, popcheol agus araile. Timpeall na bliana 1946 in Leningrad, d’fhill fear abhaile ón gcogadh agus trófaí cogaidh aige, deil taifeadta, nó gramafón droim ar ais lena mhíniú ar bhealach. Gléas a ghearr iomairí isteach sa phlaisteach. Bhí margadh dubh ceirníní a cóipeáladh sa bhaile ann an uair sin. Dhéantaí na ceirníní as sean-xghathanna.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]