Deil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Deil

Uirlis mheicniúil choiteann a úsáidtear chun saothair a dheilbhiú as ábhair éagsúla. Greamaítear an saothar i ngialla an chreagáin, agus rothlaítear é le mótar. Cuirtear na huirlisí i bhfeil chun an saothar a tholladh, a shnáithiú, a ghearradh, nó a fhásáil, i dteagmháil láimhe leis nó faoi rialú meaisín.