Gramafón
Gaireas chun fuaim a atáirgeadh ó dhiosca, ar ar taifeadadh an fhuaim i bhfoirm claiseanna bíseacha, gearrtha ar dhromchla leata an diosca. Castar an diosca ar chaschlár chun na claiseanna a cheistiú de réir a chéile le stíleas glacaire. Thaispeáin an ceapadóir Meiriceánach Emile Berliner (1851-1929) an gaireas seo den chéad uair i 1888. De réir a chéile, tháinig sé in ionad an fhónagraif, le fuaim taifeadta ar shorcóirí céarach. Bhí na dioscaí i bhfad níos éasca le déanamh is le taifeadadh orthu ná na sorcóirí, agus b'fhéidir i bhfad níos mó a thaifeadadh orthu.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |