Macadaimia
Cuma
(Athsheolta ó Cnó macaidéime)
Macadamia | |
---|---|
Macadamia integrifolia | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Proteales |
Fine | Proteaceae |
Géineas | Macadamia F.Muell., 1858 |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | John Macadam |
Is crann síorghlas é an mhacadaimia a fhásann suas go dtí timpeall 20 m. Géineas Macadamia.[1] Dúchasach don Astráil, agus saothraítear ansin is i Haváí é. Na duilleoga suas le 30 cm ar fhad, lansa-chruthach, leathan os cionn an láir, docht is uaireanta colgach, i bhfáinní de 3-4 cinn. Na bláthanna i spící fada cromtha 2.5 cm ar trastomhas, síogómach le 4 theascán iombhláthanna bánbhuí. Na torthaí glas, agus scoilteann siad chun cnó cruinn inite a nochtadh.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Macadaimia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cnó macaidéime". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 151.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |