Jump to content

Macadaimia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMacadaimia
Macadamia Cuir in eagar ar Wikidata

Macadamia integrifolia Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdProteales
FineProteaceae
GéineasMacadamia Cuir in eagar ar Wikidata
F.Muell., 1858
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósJohn Macadam Cuir in eagar ar Wikidata

Is crann síorghlas é an mhacadaimia a fhásann suas go dtí timpeall 20 m. Géineas Macadamia.[1] Dúchasach don Astráil, agus saothraítear ansin is i Haváí é. Na duilleoga suas le 30 cm ar fhad, lansa-chruthach, leathan os cionn an láir, docht is uaireanta colgach, i bhfáinní de 3-4 cinn. Na bláthanna i spící fada cromtha 2.5 cm ar trastomhas, síogómach le 4 theascán iombhláthanna bánbhuí. Na torthaí glas, agus scoilteann siad chun cnó cruinn inite a nochtadh.[2]

  1. “Macadaimia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cnó macaidéime". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 151.