Cluichí Oilimpeacha Speisialta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comórtas Domhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha Speisialta 2003 i mBaile Átha Cliath

Is éard is Cluichí Oilimpeacha Speisialta ann ná cluichí do dhaoine le míchumas intleachta.[1] Tá na Cluichí Oilimpeacha Speisialta tábhachtach do dhaoine le míchumas intleachta mar go dtugann sé seans dóibh páirt a ghlacadh sa phobal agus tugann sé misneach agus féinmhuinín dóibh.[2] Tá ról oideachasúil ag na na Cluichí chun tionchar a imirt ar mheon i leith daoine faoi mhíchumas in Éirinn agus chun tionchar díreach a imirt ar obair scoile agus taobh istigh den earnáil oideachais.[3]

tógáil meáchan i mBÁC i 2003

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh eagraíocht na gCluichí Oilimpeacha Speisialta sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1968, le cúnamh ó Eunice Kennedy Shriver.

2013 PyeongChang ː Comórtas Domhanda Geimhridh na gCluichí Oilimpeacha Speisialta - searmanas oscailte

Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá eolas le fáil anseo faoi na gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid atá acu agus cén chaoi gur féidir le duine tabhartas airgid a thabhairt.

sonóg i Shanghai, 2007

Cluichí Oilimpeacha Speisialta Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Erin Hart i i Pyeong Chang i 2013 agus uathachas uirthi

Comórtas Domhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha Speisialta 2003 i mBaile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh na Cluichí Samhraidh na nOilimpeacha Speisialta 2003 in Éirinn, an chéad uair riamh ar eagraíodh na cluichí taobh amuigh de na Stáit Aontaithe. Tharraing na Cluichí aird ar cheisteanna faoin míchumas i gcuid mhaith gnéithe den saol in Éirinn.

Comórtas Domhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha Speisialta 2015 i Los Angeles[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh leis an 88 lúthchleasaí as Éirinn 82 bonn ar fad a thabhairt abhaile leo as Los Angeles sna Stáit Aontaithe, 26 bonn óir, 28 bonn airgid agus 28 bonn cré umha.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann anseo[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gaelscéál (1 D.F. 2010). "Dínit an Duine". Dáta rochtana: 2020.
  2. lOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (2014). "Staidéar DCU ar Oilimpicí Speisialta (lch 15)". Dáta rochtana: 2020.
  3. NDA (2003). "Údaráis Náisiúnta Míchumais, 2003". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-19. Dáta rochtana: 2020.
  4. "Fáilte mhór abhaile roimh Team Ireland" (as ga) (2015-08-04). 
  5. Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann (2019-03-12). "Leathanach Baile" (en). Special Olympics Ireland. Dáta rochtana: 2020-08-03.[nasc briste go buan]