Cloch Cheann Fhaola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cloich Cheannfhaola)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCloch Cheann Fhaola

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55°N 8°W / 55°N 8°W / 55; -8
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceantar é Cloch Cheann Fhaola (Cloich Cheannfhaola uaireanta) (leagan neamhoifigiúil galldaithe: Cloughaneely) suite i gContae Dhún na nGall.

Seanchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an tseanchais bhí Balor ina rí ar Thoraigh. Tugadh Balor na Súile Nimhe air siocair go raibh sé ábalta rudaí a dhó lena shúil. Ghoid Balor bó (An Ghlas Ghaibhleann) ó fhear i nDroim na Tine ar thír mór. Chuaigh Mac Cionn Fhaolaidh, úinéir na bó, ag cuartú díoltais. D'inis draoi dó nach muirfeadh aon duine Balor na Súile Nimhe ach a gharmhac féin. Chuala Balor faoi seo agus le cor a chur ar an chinniúint rinne sé príosúnach dá iníon, Eithne, ina dhún. Ghléas Mac Cionn Fhaolaidh é féin in éadach mná agus d'éirigh leis fáil isteach sa dún. Nuair a chonaic Eithne é thit sí i ngrá leis agus ar philleadh dó ar an tír mór bhí Eithne ag dúil le leanbh. Rugadh triúr mac d'Eithne ach nuair a hinseadh sin do Bhalor d'ordaigh sé na naíonáin a bhá. Caitheadh an triúr acu isteach san fharraige ach tháinig duine acu, Lugh, slán. Tógadh Lugh lena uncail Gaibhide Gabha, ar tír mór. D'imir Balor díoltas ar Mhac Cionn Fhaolaidh. Shín sé a mhuineál trasna cloiche agus steall sé an cloigeann dó le buille dá chlaíomh. Chuaigh an fhuil isteach sa chloch agus tá a lorg le feiceáil go fóill. Fuair Lugh amach gur Balor a mharaigh a athair agus le díoltas a bhaint amach air mharaigh sé é tré bhior the a shá tríd a shúil nimhe agus amach ar chúl a chinn. I 1774 chuir Wybrant Olphert an chloch ar dícheannadh Mac Cionn Fhaolaidh uirthi ar cholún sé throighe déag ar airde i mBaile Chonaill. Tugadh amach stampa poist in Éirinn le Lugh, nó Dia an tSolais mar a tháinig aithne air, a chomóradh.