Clog bitheolaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Meicníocht bhitheolaíoch intreach is bun le pé tréimhsiúlacht nó spleáchas ar am atá in iompar orgánaigh bheo. Tá clog mar seo i ngach bean, ar a dtugtar an timthriall míosta, a rialaíonn ubhsceitheadh. I bplandaí tá cloig a stiúrann dúnadh is oscailt na bpeiteal. Tá cloig i mbeagnach gach gné a stiúrann an mheitibileacht de réir timthriall 24 uair, le lá geal i ndiaidh oíche dorcha, timthriall ar a dtugtar an rithim laethúil. Nuair a thaistealaíonn duine i bhfad i gcéin bíonn deacracht ag a chlog bitheolaíoch intreach teacht leis an am áitiúil, agus bíonn sé ag iarraidh cur ina luí air dul a chodladh nuair atá na daoine ón áit sin ina ndúiseacht ag obair. Má dhéanann sé iarracht gan aird a thabhairt ar a chlog intreach, ní thagann a thál hormón lena chuid oibre, agus éiríonn sé mí-éifeachtach tuirseach. Tugtar tuirse aerthurais ar na siomptóim seo. De réir dealraimh stiúrann an hormón meileatóinin an clog bitheolaíoch, chomh maith leis na comharthaí ón reitine. Táirgtear an hormón seo san fhaireog bheag i lár na hinchinne ar a dtugtar an pineálach, agus is amhlaidh a spreagann an dorchadas a tháirgeadh is a choisceann an solas é. Is féidir breis meileatóinine a úsáid chun iarmhairt dhíreach an tsolais ar an reitine ar an gclog bitheolaíoch a shárú nó a mhoilliú. Tá piollairí le dáileog den hormón seo á mhonarú, a bheidh iontach chun teacht i gcúnamh ar thaistealaithe a bhíonn cráite ag tuirse aerthurais, meastar. Beidh siad fiúntach freisin do na daill, daoine neamhchodlatacha, agus daoine a bhíonn ciaptha ag lagar spride geimhridh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Clog bitheolaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 146.