Tuirse aerthurais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tuirse aerthurais a bhíonn ar an duine i ndiaidh aerthuras fada a dhéanamh go dtí crios ama eile, ionas nach bhfuil rithimí laethúla a gcolainne bord ar bhord leis an am áitiúil. Maireann an tuirse aerthurais i bhfad ar an othar má chuir sé turas fada de - le teacht chugat féin ón tuirse aerthurais, teastaíonn lá in aghaidh gach crios ama a thrasnáil tú i rith an turais, má bhí tú ag dul soir. Má bhí tú ag dul anoir, tógann an téarnamh lá go leith ort in aghaidh an chreasa ama. Ar ndóigh, níl anseo ach treoir.