Cloch Oghaim Chluain Muirís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Cloch Oghaim Chluain Muirís

Is séadchomhartha ársa é Cloch Oghaim Chluain Muirís, suite i gContae Liatroma, Éire.

Cloch Oghaim Chluain Muirís

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an chloch an t-aon chloch Oghaim amháin a fhaightear i gContae Liatroma. Tá sí suite i dtailte na heaglaise Naoimh Mhichíl i mBarr na Cúile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann an chloch siar go dtí c. AD 400-550, agus scríobhadh í b'fhéidir roimh an gcoimriú deiridh.[1][2] Scrúdaigh Mac Neill í sa bhliain 1909, nuair a bhí sí ina leac uaighe do chlann Uí Chealachóir "os chomhair lár an bhalla binne thoir d'fhothrach" na heaglaise Chluain Muirís.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chnoc c. 0.85 m ar fad. Is deacair é na hinscríbhinní síonchaite a léamh:

G..T..........QENUVEN[--,[1]
QENUVEN[DI--, QVENVENDANI
ceann-fhionn-án, Cenannán.[2]

Chonaic Korlev san inscríbhinn:

G(A)T[TAGNI MAQI MUCOI (?)] QENUVEN[DI]

agus mhol Gippert (1978):

QENOVENAGNI MAQI C MUCOI LUGUDDECCAS
Cenannán mhic Ceise chlainne Lugdech?[3]

Mheas MacNeill gurbh amhlaidh gur cuireadh i gcuimhne inti Qenuvin-dagnas. Sa Bhreatain Bheag, feictear an t-ainm 'Qennovindagni' in inscríbhinn Laidine ag Parcau gar de Whitland i gCarmarthenshire,[4] agus creidtear gur duine Gaelach atá i gceist.[5] Tugadh faoi ndeara ag scoláirí go bhfuil Cluain Muirís ach urchar méaróige ón teorainn idir Longfort agus Liatroim, agus an chloch ina déanamh i gcríocha stairiúil na Conmhaícne a scaradh tráth ríocht na Mí ó chúige Connacht.[3]

Sa bhliain 1978, bogadh an chloch go sheastán gar de bhealach isteach na heaglaise, ach cuireadh ann bun os cionn í á dhéanamh.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Swift, 2002, ll. 134-5,137.
  2. 2.0 2.1 Davies, Graham-Campbell, 1999, ll. CLOOM/1.
  3. 3.0 3.1 3.2 Gippert, 1996.
  4. Davies, Graham-Campbell, 1999, ll. HENLL/1.
  5. MacNeill, 1909, ll. 135.