Jump to content

Cloch Oghaim Dhún gCoimín

Cloch Oghaim Dhún gCoimín
Sonraí
CineálCloch oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCluain Chaochmhaí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 48′ 32″ N, 7° 10′ 47″ O / 53.8088978°N,7.1798217°W / 53.8088978; -7.1798217

Séadchomhartha ársa is ea Cloch Oghaim Dhún gCoimín, ar a ghlaoitear fosta Gallán Chluain Chaochmhaí, suite i gContae an Chabháin, Éire.

Cloch Oghaim Dhún gCoimín

Tá an chloch suite i ngort gar do chros sa bhóthar R194, taobh ó dheas de Bhaile Shéamais Dhuibh, ag 53° 48′ 32″ N, 7° 10′ 47″ O / 53.808897777778°N,7.179821666667°W / 53.808897777778; -7.179821666667

De réir Sabine Ziegler, téann an chloch siar go dtí c.500 - 550 AD.

Déanta as cloch gainimh is ea í, le tomhas 1.6m ar airde, 0.48m ar leithead agus 0.36m ar thrastomhas, ag éirí níos caoile beagnach go pointe ag a barr.

Tá inscríbhinn ar an taobh thiar thuaidh, ainm pearsanta a léitear:

"OVOMANI".

Tá dochar déanta don taobh thiar. Faightear ceithre chros in scríofa inti, dhá chros ar an taobh theas, ceann amháin ar na taobhanna thiar agus thuaidh araon.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Joseph B. Meehan: Cavan ogham stones: II, The Dungimmin Ogham, 1920
  • Damien McManus: A Guide to Ogam. An Sagart, Maigh Nuad 1991, ISBN 1-870684-17-6.
  • Philip I. Powell: The Ogham Stones of Ireland: The Complete & Illustrated Index, 2011
  • Sabine Ziegler: Die Sprache der altirischen Ogam-Inschriften. Vandenhoeck & Ruprecht, Göttingen 1994, ISBN 3-525-26225-6

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]