Cleimeatas
Appearance
Clematis | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ranunculales |
Fine | Ranunculaceae |
Fofhine | Ranunculoideae |
Géineas | Clematis L., 1753 |
Is ball de ghné plandaí adhmadacha dreaptha atá dúchasach do na réigiúin mheasartha é cleimeatas[1][2] (géineas Clematis). Na gais ramhar, cosúil le liana uaireanta. Na duilleoga cleiteach, taobh thíos an ghais íogair, ag feidhmiú mar theannóg, agus ag lúbadh thart ar thacaí nuair a dhéanann tadhall leo. Na bláthanna le 4 pheiteal/ iombhláth-theascán; na stíleanna fada clúmhach ag cabhrú i scaipeadh na síolta ag an ngaoth, ag cur cuma bhán liath ar na síolchinn. Bíonn bláthanna gealdaite ag an-chuid de na foirmeacha a shaothraítear i ngairdíní.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): cleimeatas” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-02-01.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “clematis — Aistriúchán Gaeilge ar clematis (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-02-01.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cleiméatas (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 143.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |