Claire D. Cronin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaClaire D. Cronin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Eanáir 1960
64 bliana d'aois
Brockton, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Theach Ionadaithe Massachusetts
5 Eanáir 2013 – 18 Eanáir 2022
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síStonehill College (en) Aistrigh
Ardscoil Brockton Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheEaston
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Bostún Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Croineolaíocht
6 Eanáir 20212021-2022 Massachusetts legislature (en) Aistrigh
2 Eanáir 2019-6 Eanáir 20212019-2020 Massachusetts legislature (en) Aistrigh
4 Eanáir 20172017-2018 Massachusetts legislature (en) Aistrigh
7 Eanáir 20152015-2016 Massachusetts legislature (en) Aistrigh
2 Eanáir 20132013-2014 Massachusetts legislature (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmalegislature.gov… Cuir in eagar ar Wikidata

Is dlíodóir í Claire D. Cronin agus is í ambasadóir na Stát Aontaithe chun na hÉireann í.

Is é an tUachtarán Joseph R. Biden, Jr. a d’ainmnigh Claire D. Cronin sa ról ar an 23 Meitheamh 2021. Tar éis do Sheanad na Stát Aontaithe í a dhaingniú, mhionnaigh an tArd‑Aighne William Bonaccorso í ar an 19 Eanáir 2022, agus chuir sí a cuid dintiúr faoi bhráid Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, ar an 10 Feabhra 2022. Sular ceapadh í, bhí an tAmbasadóir Cronin ina comhalta de Theach Ionadaithe Massachusetts agus bhí sí ar an gcéad bhean a bhí ina Ceannaire Tromlaigh sa Teach. Le linn di bheith ag fónamh mar reachtóir, bhí Cronin ina Cathaoirleach ar Choiste na mBreithiúna freisin, áit a raibh tionchar aici ar phíosaí suntasacha reachtaíochta, lena n-áirítear athchóirithe móra ar an gceartas coiriúil agus ar an tseirbhís phóilíneachta. Tá cuid mhaith dá gairm reachtaíochta caite aici ag obair ar son maoiniú breise a chur ar fáil don oideachas. D’oibrigh sí go forleathan chun rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte agus mí-úsáide substaintí a fheabhsú, chun cosaintí agus seirbhísí a mhéadú d’íospartaigh foréigin teaghlaigh, agus chun cearta sibhialta a chur chun cinn. Tacaíonn an tAmbasadóir Cronin go láidir le tacaíochtaí d’iarshaighdiúirí agus dá dteaghlaigh, agus d’oibrigh sí ar an gcoiste comhdhála don BRAVE Act, lenar feabhsaíodh seirbhísí d’iarshaighdiúirí agus dá dteaghlaigh. Leagann an tAmbasadóir Cronin tábhacht ar leith ar an tseirbhís phoiblí, agus tá an tseirbhís phoiblí fite fuaite le stair a muintire. Bhí uncail mór Cronin ar an gcéad reachtóir dall i dTeach Ionadaithe Massachusetts. D’oibrigh a huncail, C. Gerald Lucey, i dTeach Ionadaithe Massachusetts tar éis dó filleadh ón tseirbhís mhíleata san Eoraip le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí sé ina Mhéara ar Brockton, Massachusetts ina dhiaidh sin. Le scór bliain anuas, d’oibrigh an tAmbasadóir Cronin mar Idirghabhálaí/Eadránaí d’Idirghabháil Chomhlathais in Brockton, MA. Go háirithe, d’oibrigh sí mar eadránaí ar an socrú suntasach a rinneadh sna cásanna mí‑úsáide gnéasaí a bhain le cléir Massachusetts. Bhain an tAmbasadóir Cronin a B.A. amach i gColáiste Stonehill agus fuair sí a J.D. ó Ollscoil Suffolk. Tá sí cáilithe chun dlí a chleachtadh i Massachusetts i gcúirteanna stáit agus cónaidhme araon agus freisin chun dlí a chleachtadh os comhair Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Tá go leor onóracha agus dámhachtainí faighte aici, lena n-áirítear Duais Ceannaireachta Reachtaíochta de chuid an Jewish Community Relations Council (2020), Duais Reachtóir na Bliana de chuid Massachusetts Bar Association (2018), Duais Ceannaireachta de chuid an Massachusetts League of Community Health Centers (2017), agus an Equal Justice Beacon of Justice Award (2016). Tá sí pósta le Ray agus tá beirt iníonacha fásta acu.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]