Ciombail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilCiombail
Cineálconcussion vessels (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs111.142

Sampla fuaime

Gairm ealaíontacymbal player (en) Aistrigh

Gléas ceoil an-ársa. Sa cheolfhoireann nua-aoiseach bíonn na ciombail i bpéirí, déanta as cóimhiotal copair is stáin, le trastomhas 40-50 cm. Buailtear le chéile iad, aghaidh ar aghaidh, nó crochtar ar sheastán agus buailtear iad le bata druma. Ní bhíonn airde ar leith acu, ach bíonn ciombail bheaga sheanaimseartha, a dtugtar crotail orthu, tiúnta d'airdí cruinne. Bíonn sraith ciombal saor ar sheastáin i dtrealamh an drumadóir snagcheoil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ciombail". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 138.