Cioclón trópaiceach

Is éard is cioclón trópaiceach, nó cuaranfa trópaiceach, ná córas stoirme arb é a príomhthréith ná ionad lagbhrú timpeallaithe ag stoirmeacha thoirní, a bhíonn leagtha amach le socrú bíseach agus a tháirgeann gaotha láidre agus báisteach trom.
Meitéareolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa mheitéareolaíocht, córas brú ísil ag domhanleithid arda is mheánacha. Tugtar cioclón air ag domhanleithid ísle[1].
De ghnáth, téann an córas trí staideanna réasúnta dea-shainithe lena bpatrúin aimsire féin.
Tosaíonn lagrach nuair a fhásann tonn ar fhronta idir mais aeir fhuair is mais aeir the.
Neartaíonn cíoclóin trópaiceacha nuair a scaoiltear uisce galaithe ón aigéan, de réir mar a bhíonn an t-aer sáithithe ag éirí, agus bíonn comhdhlúthú an ghaluisce san tais, mar thoradh air.
Spreagann meicníocht teasa difriúil iad a bhíonn éagsúil ó stoirmeacha gaoithe eile ar nós an Oirthuaiscirt, stoirmeacha thoirní na hEorpa, agus lagraigh polacha.
Is í an tréith a scarann cioclóin trópaiceacha ó chórais chioclóineacha eile ná, cibé a airde san atmaisféar, beidh lár an chioclóin trópaiceach níos teo ná mar a thimpeallacht; feiniméan ar a dtugtar córais stoirme "croí te" .
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)