Jump to content

Cinearáiria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCinearáiria
Cineraria Cuir in eagar ar Wikidata

Cineraria geifolia Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
GéineasCineraria Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1763

Tom beag a fhásann 60 cm nó mar sin ar airde, dúchasach don Afraic is Madagascar, is ea cinearáiria.[1] An gas an-ghéagach ón mbun. Na duilleoga cruinn, rud beag maothánach, tiubh giobach bán faoina mbun. An iliomad bláthcheann, cosúil le nóiníní, i gcrobhaingí dlútha barrleata, dearg go dúghorm/vialait. Díorthaíodh na cineálacha i ngairdíní ó speiceas gaolmhar atá dúchasach do na hOileáin Chanáracha.[2]

  1. “Cineraria” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cinearáiria". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 136.