Reilig Montparnasse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Reilig Montparnasse
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(fr) cimetière du Montparnasse
Sonraí
CineálReilig
Foirgníocht1824 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Achar dromchla18.72 ha
Suíomh geografach
Limistéar riaracháin14ú arrondissement Pháras, An Fhrainc
Suíomh3 boulevard Edgar-Quinet, 75014 Paris, France
Map
 48°50′16″N 2°19′42″E / 48.8378°N 2.3283°E / 48.8378; 2.3283
Gníomhaíocht
Úinéirmunicipality of Paris (en) Aistrigh
Oibreoirmunicipality of Paris (en) Aistrigh
Suíomh gréasáin oifigiúilparis.fr…

Mic léinn a bhaist an t-ainm Mont Parnasse (Sliabh Pharnassus) ar an gcomharsanacht seo i bPáras na Fraince mar gheall ar gurbh ann a thagaidis le chéile chun filíocht a aithris.

Tógadh an 'Boulevard Montparnasse' le linn na Réabhlóide agus bhíodh an-chuid hallaí damhsa agus amharclanna ann.

Ba é an ceantar seo croílár an tsaoil ealaíonta i bPáras i dtús an fichiú haois agus ba ann a thagadh leithéidí Picasso, Modigliani, Soutine, Zadkine, Apolinaire, Max Jacob, Hemingway, Fargue, Breton, Cocteau, Henry Miller agus mórán scríbhneoirí, scannánóirí, péintéirí agus fiú lucht réabhlóide (Lenin, Leon Trotscaí) le chéile. Tá an áit lán de phictiúrlanna agus bialanna i gcónaí agus is breá an áit spaisteoireachta é de ló agus d'oíche.

Tá Reilig Montparnasse ar nós faiche, agus is ann atá daoine fíorcháiliúla ar nós Jean Paul Sartre, Simone de Beauvoir, Baudelaire, Maupassant, an Captaen Alfred Dreyfus, Eugene Ionesco, Samuel Beckett, Serge Gainsbourg, agus Jacques Chirac curtha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

{Síol-tír-fr}}