Cill Mhic Thaidhg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Mhic Thaidhg

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°03′02″N 8°57′02″W / 54.05063°N 8.950527°W / 54.05063; -8.950527
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Shligigh
Toghroinn cheantairCill Mhic Thaidhg Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie45663

Is baile fearainn agus paróiste í Cill Mhic Thaidhg[1] i gContae Shligigh, Éire.

Clúdaíonn an paróiste na sráidbhailte Áth an Chláir, Beannada agus Tuar Loistreáin, chomh maith leis na bailte fearainn mórthimpeall orthu. Tá séipéal an pharóiste suite i dTuar Loistreáin, agus tá séipéil níos lú i gCill Mhic Thaidhg agus i Loch Tailt. Bhí séipéal beag i mBeannada ag an mhainistir freisin, ach dúnadh é nuair a cumasc meánscoil Mhainistir Bheannada le meánscoil Chlochar na Muireach i dTobar an Choire.

Is é an Naomh Athracht pátrún an pharóiste, deirtear gur chloígh sí amach dragan a bhí ag marú beostoc feirmeoirí. Tá tobar áitiúil ainmnithe ina diaidh, mar atá an mheánscoil nua i dTobar an Choire.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]