Cill Maoilchéadair
![]() | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||
| |||||||||||
Suíomh | |||||||||||
| |||||||||||
|
Is láithreán eaglasta meánaoiseach agus Séadchomhartha Náisiúnta í Cill Maoilchéadair, atá suite i gContae Chiarraí, Éire.
Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Cill Maoilchéadair suite i gCorca Dhuibhne, 4.8 km soir ó Bhaile an Fheirtéaraigh agus 6.7 km siar ó thuaidh ó Dhaingean Uí Chúis, ag 52°11′05″N 10°20′10″W / 52.184775°N 10.33623°W
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Go traidisiúnta, tá baint ag Cill Maoilchéadair le Naomh Breandán (c. AD 484 – c. 577), acn freisin le naomh áitiúil Maol Chéadair,[1] a fuair bás sa bhliain 636.[2] Téann an séipéal, atá fós ann siar go dtí lár an 12ú haois, agus síneadh an seansal c. 1200.[3]
Ba láithreán tionóil d'oilithrigh í, a shiúl Casán na Naomh[4] soir ó thuaidh go Cnoc Bréanainn.[5]
Tugann cuid de na deasghnátha a rinne muintir na háite, cosúil le naoi gciorcad deiseal a dhéanamh Domhnach Cásca, nó tolladh poill i gclocha, le fios go bhfuil iarsmaí de reiligiún na gCeilteach iontu; B'fhéidir gur suíomh reiligiúnach a bhí i gCill Maoilchéadair i bhfad sular tháinig an Chríostaíocht. [6]
Foirgnimh agus clocha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an séipéal cosúil le Séipéal Chormaic ar Charraig Phádraig (tógtha 1127–1134). Tá corp na heaglaise 8.28 m × 9.4 m le hantae agus beanna géara. Tá an saingeal 5.72 m × 5.1 m go seachtrach. Is píosa suntasach Rómhánúil-Ibeirneach [7][7] é an doras. Tugtar "Súil na snáthaide" ar pholl i mballa thoir an tsaingil; más féidir le duine dul tríd, is cinnte go rachaidh sé/sí ar neamh. [6]
Téann an chloch Oghaim (CIIC 187) siar go dtí c. AD 600, agus léitearléitear inscríbhinn:
Stua caoch san eaglais
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Saints and Their Cults in the Atlantic World".
- ↑ "St Maolcethair/St Malkedar, Kilmalkedar · The Corpus of Romanesque Sculpture in Britain & Ireland".
- ↑ "Ireland's Wild Atlantic Way: A Guide to its Historic Treasures".
- ↑ "The Cross Goes North: Processes of Conversion in Northern Europe, AD 300-1300".
- ↑ "Voices from the Dawn – The Gate of the Cow; Kilmalkedar Keelers Stone".
- ↑ 6.0 6.1 "Soulfaring: Celtic Pilgrimage Then and Now".
- ↑ 7.0 7.1 "The Antiquities of Kilmalkedar: Dingle Peninsula, Co Kerry – Ireland Travel Kit".
- ↑ "Kilmalkedar".
- ↑ "Kilmalkedar Church ~ Cill Mhaoilcéadair".
- ↑ "Ogham in 3D – Kilmalkedar / 187. Kilmalkedar".
- ↑ Gate of the Cow ar voicesfromthedawn.com
- ↑ The Cow and Theif Stone, Kilmalkedar ar pilgrimagemedievalireland.com