Jump to content

Ciarán Bairéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCiarán Bairéad
Beathaisnéis
Breith1905
Bás1976
70/71 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Béaloideasóir, scríobhaí agus scoláire Éireannach ab ea Ciarán Bairéad (1905–1976).

Rugadh i mBaile Átha Cliath é ar an 17 Feabhra 1905 agus tógadh le Gaeilge ón gcliabhán é.[1] Ba iad Siobhán Ní Mhurchú agus Stiofán Bairéad (1867–1921), céad chisteoir Chonradh na Gaeilge, a thuismitheoirí.[1] Tháinig Ciáran Bairéad go Gaillimh i lár na 1950idí ag obair le Coimisiún Béaloideasa Éireann agus An Fáinne, eagraíocht a chuir an Ghaeilge chun cinn. I measc na saothar óna pheann tá tras-scríbhinn ar Leabhar na nAmhrán, duanaire amhrán tíre le Pádhraic Ó Comáin. Tá an tras-scríbhinn seo fíorluachmhar toisc gur cosúil gur cailleadh an bunleagan. Ina theannta sin, scríobh sé beathaisnéisí mionsonraithe ar scoláirí a bhí gníomhach le linn Athbheochan na Gaeilge, mar shampla Seosamh Laoide.

Chuir sé agallamh ar mhuintir na háite maidir le seanchas ar Chath Chnoc Tua, 1504, ar logainmneacha, ar fhaicseanaíocht, agus ar ghnás na Gaeilge ag an am. I measc na ndaoine ar chuir sé agallamh orthu bhí Micheál Ó Síoda agus Seán Ó Loirgneáin.

Bhí Bairéad ina chónaí i Leacach, Contae na Gaillimhe le breis agus fiche bliain. D’éag sé ar an 18 Lúnasa 1976 agus cuireadh i Reilig Bhaile Chláir é. Tá a chuid páipéar i seilbh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.[1]