Pádhraic Ó Comáin
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Leacach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, scríobhaí |
Teangacha | An Ghaeilge |
Scríobhaí Éireannach ba ea Pádhraic Ó Comáin (fl. 1878).
Ba as Leacach, Contae na Gaillimhe é. Rinne sé obair mar scríobhaí ar amhráin thíre, filíocht, scéalta Fiannaíochta, agus dánta le hAntoine Raiftearaí agus leis na deartháireacha Marcas agus Peatsaí Ó Callanáin. Baineadh úsáid as a chuid scríbhinní i leabhar amhrán a d'fhoilsigh Micheál Ó Síoda in 1909.
Ba é Mícheál Ó Comáin ón Turlach Mór a athair.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i nGaillimh 1700–1900, William Mahon, in “Galway: History and Society”, 1996.