Chris Hadfield

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personacolonel (en) Aistrigh
Chris Hadfield

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Christopher Austin Hadfield
29 Lúnasa 1959
64 bliana d'aois
Sarnia, Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
ISS Expedition Commander (en) Aistrigh Expedition 35 (en) Aistrigh
13 Márta 2013 – 13 Bealtaine 2013
← Kevin A. FordPavel Vinogradov (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity of Tennessee Space Institute (en) Aistrigh - eitlíocht (1990–1992)
Ollscoil Waterloo - innealtóireacht mheicniúil (1982–1983)
Coláiste Ríoga Míleata Cheanada - innealtóireacht mheicniúil (1980–1982)
Royal Roads University (en) Aistrigh (1978–1980)
Milton District High School (en) Aistrigh
White Oaks Secondary School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmspásaire, amhránaí, giotáraí, cumadóir amhrán, léiritheoir feidhmiúcháin, eitleoir, ceamaradóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCanadian Space Agency (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraFicsean eolaíochta
TeangachaBéarla
Am sa spás239,040
Misean spásaire
Expedition 34 (en) Aistrigh
STS-100 (en) Aistrigh
Soyuz TMA-07M (en) Aistrigh
STS-74 (en) Aistrigh
Expedition 35 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
UirlisGiotár
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteEvan Hadfield Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinchrishadfield.ca Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm4034794 Facebook: AstronautChrisHadfield Twitter: Cmdr_Hadfield Youtube: UCtGG8ucQgEJPeUPhJZ4M4jA Pinterest: chrishadfield TED: chris_hadfield Souncloud: colchrishadfield Spotify: 4Y5X8SqUVCXq9jIlg7DWKV Musicbrainz: 73daf3fc-1e3f-4d2e-9e51-3f397d4e556f Discogs: 3933396 Cuir in eagar ar Wikidata

Is spásaire é Chris Hadfield, a rugadh ar 29 Lúnasa 1959 i Sarnia, Ontario.

Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Hadfield ar fheirm aerbhair i ndeisceart Ontario. Bhí suim aige faoi eitilt ó aois an-óg agus bhí spéis aige faoi a bheith ina spásaire nuair a chonaic sé an tuirlingt Apollo 11 i 1969. Tá sé pósta lena chailín ó ardscoil, Helene, agus tá triúr páistí acu: Kyle, Evan agus Kristin. Is fear mór haca oighir é agus leanann sé na Toronto Maple Leafs. Chaith sé geansaí spóirt na Leafs faoi a chulaith spáis i rith a athiontráil Soyuz TMA-07M i mí Bealtaine 2013.

Starmus 2016. Tenerife

Oiliúint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é rún a chroí bheith ina spásaire ó a d’fhéach sé ar an dtuirlingt Apollo 11 i mí Iúil 1969 nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois. Áfach, ní raibh clár spásaire ag an nGníomhaireacht Spáis Ceanadach. Mar sin chuaigh sé isteach sa Mhíleata Ceanadach i 1978 agus chaith sé dhá bhliain ag Royal Roads Military College, Victoria, Columbia Briotanach agus dhá bhliain eile i Royal Military College, Kingston, Ontario. Fuair sé Céim Bhaitsiléara in innealtóireacht meicniúil i 1982.

I 1983 bhain Hadfield céim amach leis an ngradam is aired ó bhunoiliúint scairdeitleán ag CBF Moose Jaw. Ansin fauir sé oiliúint mar píolóta oirbheartaíoch leis an 410 Tactical Fighter Operational Training Squadron ag CBF Cold Lake. Tar éis a chríochnaigh sé a oiliúint d’eitlit sé leis an 425 Tactical Fighter Squadron do NORAD. Déanach sna 80idí d’fhreastail sé ar an US Air Force Test Pilot School ag Bunáit Aerairm Edwards, mar oifigeach malairte leis an Cabhlach Meiriceánach. I mí Bealtaine 1992 bhain sé Céim Mháistir amach i córas eitleoireacht ón Institúid Spáis, Ollscoil Tennessee.

2013

I mí Meitheamh 1992 roghnaíodh Hadfield a bheith mar cheann de ceathrar spásairí Ceanadaigh ó 5,330 iarrthóirí. Chuaigh sé go dtí Ionad Spáis Johnson i Houston, Texas. Ansin chuaigh sé i ngleic le fadhbanna teichniciúil agus sábháilteacht faoin spástointeálaí agus cabhair sé le leanseála na spástointeálaithe ón Ionad Spáis Kennedy i Florida. Ba é an príomh-CAPCOM (an dune a labhraíonn leis na spásairí) do fiche cúig misin spástointeálaithe.

Rinne sé oiliúint a bheith cáilithe mar innealtóir eitilte leis an Soyuz TMA agus chun siúlóidí spáis a dhéanamh sa chulaith spáis Rúiseach, Orlan.

STS-74[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Hadfield an céad speisialtóir misin ar STS-74 ar an Spástointeálaí Atlantis i mí Samhain 1995. Ba é seo an dara misin ó NASA a nasc leis an stáisiún spás Rúiseach Mir. Cheangail siad modúl nasctha agus thug siad soláthar do na spásairí ar bord. Ba é an céad Ceanadach a oibrigh an Canadarm (an lámh róbatach a rinneadh i gCeanada don spástointeálaí) i bhfithis agus is é an t-aon Ceanadach a bhí ar Mir riamh.

2013

STS-100[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Aibreán 2001 ba é Hadfield an céad speisialtóir misin arís, anois ar STS-100, an eitilt chóimeáil SSI (Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta) uimhir 6A, ar an Spástointeálaí Endeavour. Shuiteáil siad an Canadarm2 (an lámh róbatach a rinneadh i gCeanada don SSI), agus an modúl athsholáthair Iodálach Raffello. I rith an eitilt seo rinne Hadfield dhá siúlóidí spáis, mar seo ba é an céad Ceanadach riamh a rinne siulóid spáis.

SSI[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 19ú Nollaig 2012 theilg Hadfield san eitilt Soyuz TMA-07M ó láthair 1/5 ag Spásfort Baikonur don 35ú turas go dtí an SSI. Ba é an céad Ceanadach i gceannas ar na SSI nuair a fhág an criú ón 34ú turas i mí Márta 2013, agus ar an 12ú Bealtaine 2013 thug sé an ceannas don chéad duine eile agus d’fhill sé abhaile an lá dár gcionn. Ba é sin a eitilt dheireanach agus d’éirigh sé as a phost tar éis é sin.

Space Oddity

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]