Jump to content

Caisleán an Bharraigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Chaisleán an Bharraigh)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCaisleán an Bharraigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 51′ 39″ N, 9° 17′ 56″ O / 53.8608°N,9.2988°W / 53.8608; -9.2988
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán12,068 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde49 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie1167113
Suíomh gréasáincastlebar.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Caisleán an Bharraigh[1] (i mBéarla, Castlebar) príomhbhaile Chontae Mhaigh Eo, agus é suite i lár an chontae. Tá daonra timpeall 10,000 ann. Tá abhainn bheag a shruthaíonn tríd an mbaile.

Sráid Halla an Línéadaigh, Caisleán an Bharraigh

Leath an baile timpeall chaisleáin de Barra san 11ú haois, agus cuireadh garastún Sasanach ann níos déanaí. Leanann beairic míleata sa bhaile inniu féin. Ní hionadh, mar sin, go raibh coimhlint airm i lár stair an bhaile. Bhí an scrios ar gharastún Sasanach an bhaile i rith Éirí Amach 1798, le cuidiú fhórsaí Francacha faoin nGinearál Humbert, chomh trom sin gur tugadh Rásaí Chaisleáin an Bharraigh air. Fógraíodh Poblacht Chonnacht an-ghairid i ndiaidh an bhuaidh, agus ainmníodh úinéir talún áitiúil, John Moore, mar uachtarán air. Tá a chorp curtha i gcoirnéal de fhaiche an bhaile, ar a dtugtar an Mall, an áit a raibh na ceannairí eile don cheannairc crochta.

Tá gnó mór táirgeála ag Baxter International sa bhaile. Sna nóchaidí, cuireadh craobh de Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo ar bun sa bhaile. Cuireadh go mór le hospidéal an chontae, Ospidéal Ginearálta Chaisleáin an Bharraigh, sna nóchaidí. Leis sin go léir, tá forbairt thar an ngnás ar an mbaile le deich mbliana anuas, agus tá Aldi na Gearmáine, Tesco, Dunnes Stores, agus siopaí móra Shasana agus na mór-roinne anois sa bhaile.

I 2006 bhí 11,308 daoine ina gcónaí i gCaisleán an Bharraigh. Bhí 5,248 (46.4%) ábalta Gaeilge a labhairt. Ach labhair 238 (2.1%) Gaeilge go laethúil.

Caitheamh Aimsire

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Craobh Shaol na Tuaithe d'Ard-Mhúsaem na hÉireann ar bun sa Turlach ar imeall an bhaile go déanach sna 1990í.

Tá líne traenach as Baile Átha Cliath, a leanann ar aghaidh go Cathair na Mart, le líne eile go Béal an Átha. Tá Aerfort Chnoc Mhuire, ar a dtugtar Aerfort Idirnáisiúnta an Mhonsignor Horan freisin, lámh le Baile Chathail, tuairim is 30 km soir ón mbaile.

Daoine cáiliúla

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léitheoireacht bhreise

[cuir in eagar | athraigh foinse]