Ceathrú Thaidhg
Ceathrú Thaidhg | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae Mhaigh Eo | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 91 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1414321 |
Ceantar in Iorras i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo in iarthar na hÉireann is ea Ceathrú Thaidhg[1] (Béarla: Carrowteige — ach níl stádas oifigiúil ag an bhfoirm ghalldaithe, ós rud é gur ceantar Gaeltachta é seo). Tá Ceathrú Thaidhg suite i nGaeltacht Mhaigh Eo agus deirtear gurb é an ceantar seo an ceantar Gaeltachta is láidre sa gcontae. Deirtear chomh maith go bhfuil an Ghaeilge sa gceantar seo leathbhealach idir Gaeilge Chonamara agus Gaeilig Thír Chonaill i dtaobh an fhoclóra dhó.
Tá baile Cheathrú Thaidhg suite in Iorras idir Ceathrú na gCloch agus Port a' Chlóidh, dhá mhíle is fiche ó Bhéal a' Mhuirthead. Tá sé cois trá agus lonnaithe idir dhá chnoc - Cnoc a' Ghairtéil agus Cnoc an Daimh. Tá teach an phosta, siopa, ionad eolais na Seanscoile, naíonra, scoil náisiúnta, halla, séipéal Mhuire gan Smál agus teach an phobail i gCeathrú Thaidhg. Tá na tithe scartha amach óna chéile. Tagann roinnt mhaith cuairteoirí chun an cheantair, agus scoláirí ag foghlaim Gaeilge. Níl trá ar bith sa mbaile féin ach tá sé gar do thrá na Rinne Rua.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Ceathrú Thaidhg/Carrowteige | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-10-30.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ceathrú Thaidhg logainm.ie[nasc briste go buan]
- Ceathrú Thaidhg Youtube
- Monolingual Irish Speaker Youtube
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |