Ceamara imrothlach
Appearance
Is éard atá i gceamra imrothlach ná ceamara a tháirgeann pictiúr atá caol fada, is é sin le cóimheas amhairc (fad/ leithead) an-mhór, cosúil le scannán leathanscáileáin. Sa ghnáthcheamara bíonn geata an scannáin ar an gcóimheas céanna leis an bpictiúr, agus é inroghnaithe le masc inghluaiste nó tríd an gcúl scannáin a athrú. I gceamara inrothlach bíonn leagan amach dílis rothlaithe de lionsa rothlaithe agus scoiltchomhla in ann uillinn chothrománach suas le 120° a chlúdach le linn nochtadh an scannáin sa gheata cuarach. I ndearthaí eile, úsáidtear ceamara rothlaithe is an scannán á bhogadh an t-am ar fad thar scoilt i bplána an fhócais, nó leagan amach le priosma rothlaithe os comhair an lionsa.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ceamara imrothlach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 124.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |