Jump to content

Ceadaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilCeadaíocht
Aonad SIfarad per metre (en) Aistrigh agus second to the fourth power square ampere per kilogram cubic metre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is ceadaíocht[1] ann ná tomhas ar an oiread a pholaraíonn (a ailíníonn) na móilíní in ábhar faoi iarmhairt réimse leictrigh. Úsáidtear an tsiombail ε uirthi, agus an t-aonad farad in aghaidh an mhéadair (F m-1). Is ionann ceadaíocht an fholúis is 1/(μ0 c2), nuair is é μ0 tréscaoilteacht mhaighnéadach folúis, agus c luas tairiseach forleata solais i bhfolús: mar sin ε0 = 8.854 × 10-12 F m-1, tairiseach uilíoch a thagann san áireamh arís is arís eile sa leictreachas. Maidir le hábhair thréleictreacha, braitheann ε ar chomhdhéanamh an ábhair is na coinníollacha fisiciúla, agus luaitear mar iolraí ar ε0 í. Tugtar an tairiseach tréleictreach ar na hiolraí seo.[2]

  1. “permittivity” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-03.
  2. Hussey, Matt (2011). "Ceadaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 122.