Jump to content

Tréscaoilteacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilTréscaoilteacht
Aonad SIhenry per metre (en) Aistrigh agus kilogram metre per square second square ampere (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata

Airí maighnéadach ábhar. Cóimheas an fhloscdhlúis mhaighnéadaigh, B, san ábhar agus neart an réimse mhaighnéadaigh, H, a cuireadh i bhfeidhm air. Úsáidtear an tsiombail μ di, agus is é a haonad ná hanraí in aghaidh an mhéadair (H m-1). Mar sin, B = μ H. Tréscaoilteacht folúis, μ0 = 4 π × 10-7 H m-1, tairiseach bunúsach a thagann san áireamh an t-am ar fad sa mhaighnéadas. In ábhair pharamaighnéadacha, μ > μ0 agus an floscdhlús níos mó ná i bhfolús. In ábhair fhearómaighnéadacha, μ > > μ0 agus an floscdhlús i bhfad níos mó ná i bhfolús. In ábhair dhiamaighnéadacha, μ < μ0 agus an floscdhlús níos lú ná folús. Tá gaol bunúsach idir tréscaoilteacht mhaighnéadach folúis, μ0, agus ceadaíocht leictreach folúis, ε0, mar seo: 1/c2 = μ0 ε0 (is é c luas tairiseach forleata solais i bhfolús).[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tréscaoilteacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 676.