Cathasach mac Maoil Chaoich
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 682 |
Rí Dhál Araí na gCruithne ba ea Cathasach mac Maoil Chaoich (Sean-Ghaeilge Cathassach mac Máele Cáich nó Cathassach mac Máele Dúin) (bás 682). Maol Caoch mac Scannail (bás 666), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 681 go dtí 682.
Sna 6ú agus 7ú haoiseanna, bhí Dál Araí rannpháirteach mar phríomhchlann i gcónaidhm na gCruithne.[2] Tugtar an teideal rí Cruithne do Chathasach sna hannála.
Bhí foghlaithe Briotanach were gníomhach sa cheantar ag deireadh na 8ú haoise. Sa bhliain 682, throid Cathasach ina éadan i gCath Ráithe Móire, taobh thoir de bhaile Aontroma, príomhchathair na ríochta. Maraíodh Cathasach i dteannta le rí Cruithne eile, Ultán mac Dícuill as Latharna.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- CELT: Corpus of Electronic Texts
- Kings and Lords of Dal Araide, Hugh McGough
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Gearoid Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, Gill & MacMillan (1972), lch. 138, ISBN 0-7171-0558-X
- ↑ Byrne, lch. 109
- ↑ Annála Uladh, AU 682.2