Cathal Berry

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCathal Berry

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithContae Phort Láirge, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara Theas

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtapolaiteoir neamhspleách Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: berrycathal Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach Neamhspleách agus iar-oifigeach de chuid Arm na hÉireann é Cathal Berry atá ina Theachta Dála ar son Chill Dara Theas ó olltoghchán 2020.[1]

Tháinig aird ar Berry sa bhliain 2019 nuair a chuaigh sé ar scor tar éis 23 bliana in Arm na hÉireann. Labhair sé leis na meáin chumarsáide maidir le drochphá agus coinníollacha oibre an airm agus míshástacht phearsanra an airm leis an gcaidreamh mífheidhmiúil a bhraitear idir na húdaráis mhíleata agus an Roinn Cosanta.

D'iarr Berry go n-éireodh Paul Kehoe, an tAire Stáit sa Roinn Cosanta as a phost. Rinne sé cur síos air mar "chulaith fholamh" a bhí "i gceannas ar mheath an airm" ó thosaigh sé sa ról in 2011.

Toghadh Berry go Dáil Éireann mar iarrthóir Neamhspleách i ndáilcheantar Chill Dara Theas in olltoghchán 2020. Ba iad "an tsláinte, tithíocht, an comhshaol, oideachas agus teaghlaigh an airm" na tosaíochtaí a bhí aige.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]