Cath Vouillé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath Vouillé
Cath Vouillé

Clóbhis I ag marú Alaraic
(Íomhá ón 15ú haois)

Dáta: 507 AD
Áit: Vouillé, Vienne, An Fhrainc
Toradh: Bua cinntitheach na bhFranc, Gallia Aquitania bainte amach acu.[1]
Céilí comhraic
Ríocht na bhFranc Ríocht na Viseagotach
Ceannasaithe
Clóbhis I Alaraic II
Slua
40 000 fear >40 000 fear
Taismigh
Ní fios Ní fios, ach maraíodh Alaraic

Troideadh Cath Vouillé — nó Vouglé (ón Laidin Campas Vogladensis) —i dtuaisceart na dtailte teorainneacha de chríoch na Viseagotach, ag Vouillé in aice le Poitiers (An Ghaill), in earrach na bliana 507 AD, idir na Frainc faoi cheannas Clóbhis I agus na Viseagotaigh faoi cheannas Alaraic II.

An cath[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cath Vouillé, blár an chatha

In earrach na bliana 507, thrasnaigh arm na bhFrainc abhainn na Loire i dtreo Poitiers, faoi cheannas Chlóbhis, agus a mhac is sine Theuderich. Chuaigh arm na Viseagotach tríd an tuaisceart chun stop a chuir leo, sa tsúil go dtiocfadh trúpaí athneartaithe na nOstrogotach in am orthu. Bhí an cath ar siúl ar mhachaire Vouillé, thart ar 15 km ó Phoitiers. [2]   Bhí Clóbhis I i láthair le 40 000 fear, 10,000 acu ina marcaigh maithe. Bhí líon saighdiúirí beagán níos airde ag na Viseagotaigh, ach bhí siad neamhoilte. Thosaigh gráscar lámh uafásach, go dtí gur mharaigh rí na bhFranc an rí Viseagotach Alaraic II i ghala aonair. Mar a tharla i gcath Tolbiac in aghaidh na nAlmannach, thug bás an rí fonn ar na Viseagotaigh éalú ón bhlár chatha, agus bhain na Frainc an cath. Thug idirghabháil phráinneach na nOstrogotach, a gcomhghuaillithe, deis do na Viseagotaigh teitheadh i dtreo na Spáinne.

Cath Vouillé mar a léiríodh sa 14ú haois

An iarmhairt[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tar éis an bhua sa chath seo, thug an t-impire Biosántach Anastasius an chraobh don rí Clóbhis, ag bronnadh an teidil 'consal agus paitríoch' air, mar chomhartha aitheantais agus measa. [3] De bharr a gcaillteanas d'fhill na Viseagotaigh ar ais go Septimania, limistéar a raibh siad in ann greim a choinneáil air, agus thug an bua ag Vouillé deis do na Frainc cuid dheisceart na Fraince a rialú agus Toulouse a ghabháil. Rinne Gesalec, mac neamhdhlisteanach Alaraic, iarracht ar fhrithionsaí a dhéanamh orthu ag Narbonne, ach athríodh é agus maraíodh é ar deireadh thiar nuair a ghlac na Burgúnaigh, comhghuaillí na bhFranc, Narbonne.

Nótaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Encyclopedia of Barbarian Europe: Society in Transformation, ed. Michael Frassetto, (ABC-CLIO, 2003), 362.
  2. Losada Malvárez, ''Batallas decisivas de la historia de España'', pp. 47.
  3. Clovis, Anastasius, and the Political Status 508 CE: The Frankis Aftermath of the Battle of Vouillé, Ralph W. Mathisen, The Battle of Vouillé, 507 CE: Where France Began, ed. Ralph W. Mathisen and Danuta Shanzer, (Walter de Gruyter Inc., 2012), 88.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Bernard S. Bachrach, Merovingian Military Organization, 481-751, University of Minnesota Press, 1972.
  • Encyclopedia of Barbarian Europe: Society in Transformation, ed.Michael Frassetto, ABC-CLIO, 2003.

Litríocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Eugen Ewig: Die Merowinger und das Frankenreich, Stuttgart u.a. 1993.
  • Herwig Wolfram: Die Goten, München 2001.