Cath Bhryn Glas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cath Bhryn Glas
Éirí Amach Ghlyndŵr
Dáta: 22 Meitheamh 1402
Áit: Bryn Glas, Powys (2 mhíle ó dheas ó Tref-y-Clawdd.
Toradh: Bua cinntitheach na mBreatanach
Céilí comhraic
Flag of Wales.svg Breatnaigh Flag of England.svg Sasana
Ceannasaithe
Flag of Wales.svg Owain Glyndŵr Flag of England.svg Edmund Mortimer
Slua
1500 2,000
Taismigh
t. 200 600

Troideadh Cath Bhryn Glas ar an 22 Meitheamh 1402, in aice leis na bailte Tref-y-Clawdd agus Llanandras i bPowys. Ba bhua mór é do na reibiliúnaithe Breatnacha faoi Owain Glyndŵr, agus mar thoradh air, cuireadh fad níos mó le héirí amach na mBreatanach agus dí-cobhsaíodh na polaitíochta Sasanacha ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla Éirí Amach Owain Glyndŵr le linn éagobhsaíochta sa mhonarcacht Shasanach. Bhí an Rí Risteard II Shasana deighilte amach ó go leor de na huaisle, agus bhí sé treascartha ag Anraí Bolingbroke, an Diúc Lancaster, agus ceapadh é ina Rí Anraí IV Shasana. Sa Bhreatain Bheag agus i bhfearann críche na Breataine Bige, bhí fós lucht tacaíochta go leor ag an iar-rí Risteard, a fuair bás i mbraighdeanas sa bhliain 1400. Sa bhliain sin, urghabháil Reginald Grey, 3ú Baron Grey de Ruthyn, tacadóir an Rí nua Anraí, go neamhdhleathach roinnt tailte de chuid Ghlyndwr agus bhí sé freagrach as cúisimh bhréagacha, gur tréatúir é, a chur ina choinne. Mar fhreagra, d'fhógair Glyndwr é féin ina fhíor-Phrionsa na Breataine Bige, agus chuir sé tús le héirí amach.

Tar éis bua a fháil, go luath sa choimhlint, sa bhliain 1400, thug an Rí Anraí faoi sluaíocht phionósach isteach i dTuaisceart na Breataine Bige, agus bhí an chuma ar gur chuireadh an t-éirí amach faoi chois. Mar sin féin, níor rugadh ar Ghlyndwr go fóill, agus toisc gur ritheadh reachtaíocht frith-Bhreatnach sa Pharlaimint Shasanach, chinntigh seo go raibh cúis ag bheagán de mhuintir na mBreatanach tacú le riail leanúnach na Sasanach.

Ar an 1ú Aibreán, 1401 (Aoine an Chéasta, a bhí ann), ghabh beirt dheartháir, ó Ynys Môn, Rhys ap Tudur agus Gwilym ap Tudur, Caisleán Chonwy le cleas. Bhuaigh Glyndwr féin bua amach ar arm na lonnaitheoirí Sasanacha agus Pléimeannacha i Sir Benfro (Béarla: Pembrokeshire) ag Mynydd Hyddgen, i lár na Breataine Bige. D'athmhuscail an dhá eachtra seo an t-éirí amach. Thug Anraí faoi sluaíocht phionósach eile isteach i lár na Breataine Bige, ach níor bhain sé rud ar bith amach agus d'fhulaing arm s'aige go mór ón droch-aimsir.


Go luath sa bhliain 1402, d'ionsaigh fir Ghlyndwr Reginald Grey agus gabhadh é, a bhí ina chúis go hindíreach as an éirí amach, agus cuireadh é ar fuascailt. I mí an Mheithimh, bhí Glyndwr féin in aice le Knighton, agus gan ach 12 míle (19 km) ó Leominster, baile a bhí ina gharastún tábhachtach agus ina bhaile margaidh Sasanach sna fearann críche. Bhí Anraí Percy, ar a tugadh "Hotspur" go forleathan air, ceaptha ag an Rí Anraí, mar a phríomhleifteanant agus a ghiúisteoir i dTuaisceart na Breataine Bige agus sna fearainn chríche in aice láimhe. Choimeád uncail le Hotspur, an Iarla Worcester, ceapachán den chineál céanna sa deisceart. Mar sin féin, b' fhórsa coinscríofach ó chontae Herefordshire, faoi Sir Edmund Mortimer, a thug aghaidh ar Ghlyndwr. Uncail d'Edmund óg de Mortimer, 5ú Iarla na Mruige, ab ea Sir Edmund Mortimer agus bhí éileamh oidhreachtúil níos fearr ag cheachtar acu le bheith ina Rí Shasana ná a bhí ag Anraí féin (D'fhógair Risteard II, a bhí gan pháistí ar bith, deartháir Sir Edmund agus athair Edmuind óig, Roger Mortimer, 4ú Iarla na Mruige le bheith ina léiroidhre don choróin, ach fuair Roger bás bliain sular thonnbhriseadh Risteard II agus níor thug aon cheann de na huaisle tacaíocht d'éileamh a mhic.) Mar sin féin, go dtí seo, thug Sir Edmund Mortimer tacaíocht agus dílseacht don rí nua. Is amhlaidh, mar shealbhóir suntasach thailte na Breataine Bige agus na n-imeallchríoch, d'fhulaing Mortimer cheana féin ó creachóireacht reibiliúnaithe Ghlyndŵr agus dhealraigh sé go raibh a lán le chailleadh aige ós rud é go leanfadh an t-éirí amach ar aghaidh.

An cath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba tearc iad na foinsí comhaimseartha le haghaidh sonraí a fháil amach faoin chath, agus roinnt acu, mar shampla an tuairisc a d'fhág Adda o Frynbugago, bhí míchruinneas ann. Dá bhrí sin, an chuid is mó de na sonraí is boinn tuisceana den chuid is mó iad, cé go bhfanann an fhianaise den chuid is mó gan athrú agus soláthraíonn sí bonn réasúnta dóibh.

Bhí sé mar aidhm ag arm Mhortimer arm Ghlyndŵr, a bhí níos lú, a thabhairt chun catha. Cé go raibh suíomh an chatha díreach taobh istigh d'imeallchríoch na Breataine Bige, bhí, gan amhras, faisnéiseoirí agus comhbháoirí áitiúla go leor ag Glyndŵr, agus d'fhéadfadh sé plean catha cinntitheach a chumadh. Is dócha, go raibh sé in ann fórsaí athneartacha a thoghairm ó chodanna eile den Bhreatain Bheag, a bheadh in ann dul go tapa thar dúiche chnocach, agus dá bhrí sin bheadh fórsaí na mBreatanach i bhfad níos láidre ná mar a thuig Mortimer.

Bhailigh arm Mhortimer le chéile agus chuaigh sé chun tosaigh suas an fána, i gcoinne boghdóirí na Breataine Bige a bhí, go soiléir, ós a gcomhair amach. Le leas an airde, sháraigh boghdóirí Ghlyndwr boghdóirí Mhortimer i raon (iad féin armtha le boghanna fada). Nuair a rinne fir Mhortimer iarracht druidim le boghdóirí Ghlyndwr, d'ionsaigh trúpaí na mBreatanach, a bhí folaithe sa ghleann, taobh dheis agus chúl Mhortimer .

Ag tréimhse éigin, thréig meitheal Breatanach de bhoghdóirí Mhortimer, agus scaoil siad saighde i gcoinne a n-iarchomrádaithe. Ní fios cé acu a bhí sé beartaithe acu tréigint roimh ré, nó cibé acu a roghnaigh siad Glyndwr i lár an chatha, mar go raibh cuma ar chúrsaí go mbeadh sé ina bhuaiteoir. Chuidigh a ngníomhaíocht seo leis an mhearbhall a tháinig ar arm Mhortimer, a d'ionsaíodh ó na fánaí i áirde, ar a dtaobh agus ar a ghúl agus scriosadh arm na Sasanach. I measc na ndaoine a maraíodh, bhí Sir Walter Devereaux de Weobley, agus Sir Robert Whitney, a bhí ina Mharascal-Ridire d'Anraí IV.

An iarmhairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhaígh cuntais chomhaimseartha go díreach tar éis an chatha, gur loit go leor de lucht leanúna champa na mBreatnach, gur mná iad, coirp na Sasanach, mar dhíoltas ar sluaíocht phionósacha Anraí IV sna blianta roimhe sin, a bhí marcáilte leis a lán gníomhartha de bhrúidiúlacht agus éigniú. Cibé ar tharla na loit, tá an fhírinne fós faoi chaibidil. De réir roinnt staraithe, lena n-áirítear Philip Warner, bhí sé ina scéal cumtha ag an Pharlaimint Sasanach chun lucht na Breataine Bige a léiriú mar dhaoine barbartha. Bhí coirp na Sasanach fágtha gan a bheith adhlactha, agus mar gheall ar an bholadh, seachnaíodh an limistéar míonna.

Ceann de na buanna is mó riamh a bhain na Breatnaigh amach i gcoinne arm Shasana i réimse oscailte ab ea Cath Bhryn Glas. Spreag nuacht an bhua fonn ar go leor Breatnach, a bhí go dtí seo idir dhá chomhairle, tacaíocht oscailte a léiriú do Ghlyndwr. Ar thaobh na Sasanach de, bhí sé mar thoradh air gur chuadar chun scaoill agus ceapadh roinnt n-oifigeach agus chosaint athneartaithe faoi dheifir i gcomhair na ngarastún ar fud na Breataine Bige.

Gabhadh Mortimer sa chath. ní dhearnadh Anraí (a bhí i deacrachtaí airgeadais) aon iarracht chun é a fhuascailt. Thréig Mortimer ina dhiaidh sin a dhílseachta don Rí Anraí IV, agus chuir sé éileamh a nia chun chinn i gcomhair ríchathaoir Shasana agus phós se Caitrin iníon Ghlyndŵr.

Tá an cath luaite ag William Shakespeare sa dráma Anraí IV, Cuid 1:


an Mortimereach uasal,

Fir Herefordshire á stiúradh aige chun troda,
In aghaidh Ghlendower fhiáin agus neamhrialta,
Gabhadh é le láimh thútach úd an Bhreatnaigh,
Míle d'á mhuinntir coscartha


the noble Mortimer,

Leading the men of Herefordshire to fight,
Against the wild and irregular Glendower,
Was by the rude hand of that Welshman taken,
A thousand of his people butchered

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • D. Helen Allday, Insurrection in Wales (Lavenham, 1981)
  • R.R. Davies, The Revolt of Owain Glyndŵr (Rhydychen, 1995)