Cardamine pratensis
![]() ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Brassicales |
Fine | Brassicaceae |
Treibh | Cardamineae |
Géineas | Cardamine |
Speiceas | Cardamine pratensis ![]() L., 1753 |
Is planda bláthanna den fhine Brassicaceae é Cardamine pratensis, ar a tugtar léine Mhuire agus biolar gréagáin[1] freisin in Éirinn. Ciallaíonn a ainm Laidine pratensis "móinéar".
Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is planda luibheach ilbhliantúil gan ghruaig é, ag fás go 40-60 cm ar airde, le duilleoga cleiteacha 5-12 cm ar fad le 3-15 duillín, gach duillín thart ar 1 cm ar fad. Táirgtear na bláthanna ar spící 10-30 cm ar fad, gach bláth 1-2 cm ar trastomhas le ceithre pheiteal vialaitbhándearg an-éadrom (ach bán, go hannamh). Tá stíl na dtorthaí gearr nó fada. Is fearr a fhásann sé gar d'uisce.
Dáileadh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Faightear an speiceas go coitianta ar fud na Breataine Móire agus na hÉirean.
Saothrú[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fástar é mar phlanda ornáideach i ngairdíní, agus tá sé sé tugtha chun cineáil i Meiriceá Thuaidh mar thoradh ar shaothrú. I roinnt tíortha Eorpacha, lena n-áirítear codanna den Ghearmáin, tá an plánda faoi bhagairt anois.
Is planda bia é don fhéileacán an barr buí (Anthocharis cardamines) agus cuireann sé go mór le gairdín ar bith a bhfuil sé mar aidhm aige fiadhúlra a mhealladh. Úsáideadh uair amháin é mar ionadaí ar bhiolaruisce.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ ""Cardamine pratensis" | téarma.ie". Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Aisghafa 2023-06-26.