Caol Uisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCaol Uisce

Suíomh
Map
 54°07′00″N 6°16′46″W / 54.116756°N 6.279511°W / 54.116756; -6.279511
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae an Dúin
BaileAn Pointe Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie66722

Baile fearainn i gContae an Dúin is ea Caol Uisce[1] (Narrow Water i mBéarla),[2] in aice leis an bPointe ar Abhainn Ghleann Rí agus Loch Cairlinn.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Caisleán an Chaoil[3] ann sna 1500idí.

Ar 27 Lúnasa 1979 le linn na dTrioblóidí, tharla luíochán de chuid an IRA ann; maraíodh 18 saighdiúir de chuid Arm na Breataine (16 as an Reisimint Pharaisiút).[4] Phléasc dhá bhuama ar thaobh an bhóthair. Scaoil na saighdiúrí i dtreo an Deiscirt (sa Phoblacht), trasna na habhann. Mharaigh siad sibhialtach amháin, William Hudson, san áit mhícheart ag an am mícheart (agus gortaíodh a chol ceathrair). Fostaíodh athair Hudson i bPálás Buckingham.

Caisleán an Chaoil[3]

Taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2021, bhí maoiniú €3m fógartha ag Rialtas na hÉireann le droichead trasteorann a thógáil idir Co Lú agus Co an Dúin. Dúirt an Taoiseach gur togra Uile-Oileáin é droichead Chaol Uisce a bhfuil tacaíocht láidir pholaitiúil aige gach aon taobh den teorainn.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Caol Uisce/Narrow Water | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Caol Uisce/Narrow Water" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-27.
  3. 3.0 3.1 3.2 "Narrow Water Castle" (as en) (2022-06-10). Wikipedia. 
  4. Póilín Ní Chiaráin (30 Samhain 2016). "Fáilte sa Tuaisceart roimh an bPápa ach déanfar tástáil ar an aicme pholaitiúil aontachtach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-27.
  5. Nuacht TG4 (2021). "Droichead Chaol Uisce" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-08-27.