Canúint Fhine Gall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaCanúint Fhine Gall
Cineálteanga mharbh
Úsáid
Dúchasach doFine Gall
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
Gearmáinic an Iarthair
an Angla-Fhreaslainnis
Anglic (en) Aistrigh

Teanga dhíothaithe is ea Canúint Fhine Gall (Béarla: Fingallian) a bhí á labhairt i bhFine Gall i dtuaisceart Chontae Átha Cliath go dtí lár an naoú haois déag. Ceaptar go raibh sé an-chosúil leis an teanga Yólaise a bhí le fáil i gContae Loch Garman, agus gur tháinig an dá cheann acu ón Meán-Bhéarla luath a tugadh anall le linn ionradh na Normannach ar Éirinn.

Léarscáil ag taispeáint Fhine Gall i gContae Átha Cliath

Níl teacht ar litríocht i seanchanúint Fhine Gall ach dhá dhán aoracha a scríobhadh le linn an 17ú haois, mar atá The Fingallian Dance, dán trí véarsa, agus Purgatorium Hibernicum, aoir bunaithe ar An Aeinéid le Virgil. De réir dealraimh, ní cainteoirí dúchais de chuid na canúna a scríobh an dá rud seo ach daoine a bhí ag magadh fúithi, ach fós féin tá roinnt eolais le fáil iontu faoi na focail shainiúla inti de bhunús Béarla agus de bhunús Gaeilge, chomh maith le fuaimniú na ngnáthfhocal. Léirítear, mar shampla, gur choitianta 'v' nó 'f' in ionad 'w' an Bhéarla chaighdeánaigh (fat in ionad what, 'céard' in The Fingallian Dance; vales in ionad walls, 'ballaí' in Purgatorium Hibernicum).