Canú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachCanú

(17 Bealtaine 2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmneacha
  • kom
    Cuir in eagar ar Wikidata

Saintréithe teicniúla
Cineálbád rámhaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Canú

Is éard is canú[1] ann ná soitheach beag décheannach oscailte a thiomáintear le céaslaí. Dhá phriomhshaghas atá ann. Déantar an chéad cheann, a iompraíonn triúr nó ceathrar, le cabhail éadrom adhmaid.

Cumhdaítear go traidisiúnta é le coirt beithe nó seithí ainmhithe, ach le blianta anuas cláir éadroma adhmaid. Bíonn an dara ceann, an crann snámha ón Aigéan Ciúin, oiriúnaithe go minic le bád bacáin amuigh a bheadh in ann aistear aigéanach a dhéanamh.

Bhíodh crainn snámha cogaidh na Maorach suas le 20 m ar fhad, snoite as crann péine amháin, oiriúnaithe le seol triantáin inbhéartaithe amháin, tiomáinte ag timpeall 60 céaslóir. Déantar curacha nua-aoiseacha as alúmanamplaistigh.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “canú” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-14.
  2. Hussey, Matt (2011). "Canú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 114.