Jump to content

An Chanáil Chaladónach

(Athsheolta ó Canáil Chaladónach)
An Chanáil Chaladónach
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálCanáil Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 57° 06′ 45″ N, 4° 44′ 19″ O / 57.112478°N,4.738541°W / 57.112478; -4.738541
CodannaMoy Bridge Keeper's Cottage, Caledonian Canal (en) Aistrigh
Historic Civil Engineering Landmark (en) Aistrigh
Aitheantóircaledonian-canal
Foirgneamh liostaithe, catagóir B
Moy Bridge Keeper's Cottage, Caledonian Canal
Am23 Meitheamh 1980
AitheantóirLB7088
ID GeoNames2654005
Suíomh gréasáin oifigiúilscottishcanals.co.uk…

Ceanglaíonn Canáil Chaladónach ag Inbhir Nis, cósta thoir na hAlban leis an gcósta thiar, ag A' Corpaich A' Chorpaich in aice An Gearasdan in Albain. Thóg an t-innealtóir Albanach Thomas Telford an chanáil go luath sa naoú haois déag.

Ritheann an chanáil thart ar 97 km on oirthuaisceart go dtí an iardheisceart. Níl ach an tríú cuid den fhad iomlán de dhéantús an duine, agus an chuid eile á foirmiú ag Loch Dabhach a' Phùirde, Loch Nis, Loch Omhaich, agus Loch Lòchaidh.[1] Tá na lochanna seo suite sa Ghleann Mór, ar locht geolaíochta i screamh an Domhain. Tá 29 loc (lena n-áirítear ochtar ag Staighre Neiptiúin, Banbhaidh), ceithre uiscerian agus 10 ndroichead i gcúrsa na canála.

Sa bhliain 1620, thuar fáidh Gaelach darbh ainm Coinneach Odhar Bgo mbeadh longa lánchruinnithe ag seoladh lá éigin ar chúl Thom na h-Iùbhraich, in aice le Inbhir Nis, tráth gurb í Abhainn Nis an t-aon bhealach inseolta agus í suite ar an taobh eile de Thom na h-Iùbhraich. [2] San 18ú haois, thosaigh innealtóirí ag scrúdú na féidearthachta an mbeadh sé indéanta canáil a thógáil a cheanglódh an Loch Dhubh in aice leis an Gearasdan leis an Cuan Moireach in aice le hInbhir Nis, ach dhiúltaigh an Captaen Edward Burt an smaoineamh sa bhliain 1726, mar gur shíl sé go ndíreodh na sléibhte an ghaoth agus go go ndéanfadh sé loingseoireacht róchontúirteach. [3]

Uaighe John Telford i gclós Chill Mhàilidh
Inscríbhinn ar uaigh John Telford.
  1. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}."".
  2. Hayward 2007, p. 6.
  3. Lindsay 1968, p. 142.