Jump to content

Calafort Caergybi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCalafort Caergybi

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 18′ 34″ N, 4° 37′ 44″ O / 53.3094°N,4.6289°W / 53.3094; -4.6289
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta Aontaithean Bhreatain Bheag
Contaebhuirg na Breataine BigeInis Món Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinholyheadport.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Is calafort mór é Calafort Caergybi,[1] suite i gcontae Ynys Môn in iarthuaisceart na Breataine Bige, an calafort sa Bhreatain Bheag a dhéanann freastal ar bháid farantóireachta go hÉirinn.[2] Is é Caergybi an baile is mó ar Ynys Gybi, Ynys Môn.[3] Is gnách le hÉireannaigh taisteal go Sasana ar an mbád agus an traein a fháil nuair a leaindeáil siad i gCaergybi.[4]

Stena Line
Irish Ferries agus an "Jonathan Swift"

Stoirm Darragh, 2024

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an calafort dúnta ón 7 Nollaig 2024 mar gheall ar an damáiste suntasach a rinneadh do cheann de na beartanna feisithe ansin le linn na stoirme (Stoirm Darragh) an oíche roimhe sin. Bhí seirbhísí farantóireachta idir Baile Átha Cliath agus Caergybi curtha ar ceal. Chuaigh an eachtra i gcion go mór ar chúrsaí trádála agus ar phaisinéirí le linn Nollag 2024.

Tugadh le fios sa ráiteas go ndearnadh an cinneadh an calafort a choimeád dúnta go ceann míosa eile le go mbeadh uain ag daoine socruithe eile a dhéanamh a bhféadfaidís brath orthu. B'éigean do phaisinéirí a dticéid a aistriú go seirbhísí eile – Baile Átha Cliath-Learpholl, Baile Átha Cliath-Abergwaun[5] agus Béal Feirste-Càrn Rìoghain ina measc.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Béarla: Port of Holyhead
  2. "39 corp aimsithe i leoraí i Sasana agus fear as an Tuaisceart gafa" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-10-23). Dáta rochtana: 2024-12-17.
  3. Maitiú Ó Coimín (18 Meitheamh 2024). "‘Turas glas’ ó Chois Fharraige chuig an Bhreatain Bheag" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-17.
  4. Mairéad Ní Nuadháin (2 Iúil 2021). "Macallaí Kingstown fós i nDún Laoghaire ríoga" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-17.
  5. Fishguard
  6. Nuacht RTE (2024-12-17). "Calafort Caergybi dúnta go ceann míosa eile" (as ga-IE).